Forbairt Ghairmiúil Múinteoirí

Tugadh deis do mhúinteoirí bunscoile Béarla tumadh isteach san eispéireas foghlama arís agus forbairt a dhéanamh ar a gcuid scileanna teagaisc a chuideoidh leo an Ghaeilge a thabhairt isteach sna seomraí ranga ar bhealach orgánach.

Bhí faill ag an ghrúpa múinteoirí cur lena gcuid tuisceana agus cumas labhartha sa Ghaeilge ionas go bhféadfadh siad an Ghaeilge a fhuáil isteach ina gcuid ceachtanna sna bunscoileanna Béarla.   

Bhí dlúthchomhpháirtíocht idir Gael Linn agus Cólaiste Ollscoile Naomh Muire chun na ceardlanna ar leith seo a sholáthar, le hurraíocht ó Foras na Gaeilge.

Ba iad Dr. Seán Mac Corraidh agus Pádraig de Bléine ó Coláiste Ollscoile Naomh Muire a bhí mar fhoireann teagaisc. 

Ba dheas le Gael Linn agus le Coláiste Ollscoile Naomh Muire na nascanna seo a dhaingniú agus tuilleadh ceardlanna mar é a reáchtáil sa todhchaí.

Bhuail foireann Meon Eile isteach chuig an cheardlann le tuairimí na bhfoghlaimeoirí a fháil agus níos mó a fhoghlaim faoin tionscadal. 

Close
Close