Fimíneacht an lucht ceannais

Ciarán Ó Pronntaigh

Scríobhadh na rialacha le go mbrisfí iad. Sin an bharúil choiteann atá ag go leor againn na laethanta seo ar an lucht ceannais. Agus is iad siúd a raibh sé de chúram orthu na rialacha faoi COVID a scríobh is mó a bhris iad. An méid a rinne Matt Hancock, iar-Aire Sláinte na Breataine, áfach, tharraing sé an leibhéal fimíneachta anuas go dtí bun an bhairille.

Tá a fhios againn an tuairim a bhí ag Boris Johnson air, gur duine gan mhaith a bhí ann, mar a sceith Dominic Cummings, ach ba bheag a shíl muid go raibh sé gan chiall chomh maith. Cummings, ar ndóigh, duine de na chéad daoine a chruthaigh an nath, ‘déan mar a deirim, ní mar a dhéanaim’, nuair a thug sé cuairt ar Durham le linn na dianghlasála.

Ar an drochuair, tá na pictiúir de Hancock agus a leannán, Gina Coladangelo, ag suirí leo sa Roinn Sláinte, feicthe anois againn. Ní thig linn sin a tharraingt siar. Ba bheag an aird a thug Hancock ar an fhadú shóisialta sna seisiúin seo; hands, face, space an mana a bhí ag na húdaráis ag an am, caithfidh nár léigh an tAire Sláinte na mionsonraí.

Ní raibh Hancock leis féin mar sháraitheoir na rialacha ná baol air. Chaill an tOllamh Neil Ferguson, an fear a dhréacht an polasaí dianghlasála, a phost mar chomhairleoir sláinte an rialtas de dheasca gur bhris sé féin na rialacha a bhí sé a mholadh nuair a thug sé cuairt ar a leannán féin. Tá galar an ghrá níos láidre ná an galar féin, is cosúil!

Agus ní i Sasana amháin a bhí an briseadh rialacha, tá liosta le háireamh ann. Bhí cuid mhaith de na páirtithe rialtais ó dheas, mar shampla, ag dinnéar príobháideach nach raibh ceadaithe i scannal ar ar tugadh ‘Golfgate’. Cuireadh i leith Shinn Féin gur sháraigh siad na rialacha chomh maith ach, ar a laghad, rinne siad a sárú rialacha go poiblí in iarthar Bhéal Feirste.

Cad é an éifeacht, mar sin, a bhíonn lena leithéid agus an mbíonn praghas le híoc ag ár bpolaiteoirí leithscéalacha? An éifeacht is mó, is dócha, nach gcuireann daoine muinín sna rialtais agus san fheachtas frith-COVID a bhíonn ar siúl acu. Ach i gcás Rialtas Johnson, is fada an lá ó bhí rialtas chomh neamhairdiúil ar mhuinín an phobail. Ó tháinig an Breatimeacht, bhí Johnson ábalta gach riail pholaitiúil a bhriseadh agus, go dtí fothoghchán Batley and Spen, ní raibh an chuma ar an scéal go ndearna sé mórán difir ar mheon an phobail.

Ná déanaimis dearmad an líon ollmhór daoine a fuair bás mar gheall ar an ghalar sa Ríocht Aontaithe, ceann de na rátaí ba mhó ar domhan. Ná na scannail a bhain le conarthaí an rialtais a bronnadh ar bhaill teaghlaigh an rialtais. Ná na billiúin punt a cuireadh amú go hiomlán ar chóras teipthe rianaithe COVID. Gan trácht, ar ndóigh, ar an chur i gcéill atá i gcroílár an rialtais féin, mar atá, Breatimeacht é féin.

Cad é mar a fuair Johnson de chroí gan bata agus bóthar a thabhairt do Hancock an oíche a bhris an scéal? Dúirt sé gur leor an leithscéal a ghabh sé. Lá b’fhaide anonn d’aithin Johnson gur gá dó gníomhú agus fuair Hancock a chuid orduithe máirseála.

Ach cad é a tharlódh dá dtiocfadh ráig eile den víreas, nó víreas eile ar fad? An mbeadh an fhoighid chéanna ag an phobal an iarraidh sin?

Braitheann ár bhfoighid ar mhuinín agus tuiscint go bhfuil an dream atá i mbun an fheachtais sláinte ar dhóigh éigin cumasach agus eolach agus go ngníomhaíonn siad ar dhóigh eiticiúil. An bhfuilimid ag an phointe anois gur ídigh Rialtas Londan an caipiteal muiníne s’acu? Agus an é sin an chúis a bhfuil Johnson ag briseadh a chos ag iarraidh deireadh a chur leis na srianta deireanacha i Sasana? Seans maith go mbeidh Lá na Saoirse ar an 19ú lá mar chárta a scaoilfeas Johnson saor ó phríosún agus súil aige nach bhfoilseofar torthaí an fhiosrúcháin ar COVID go dtí go mbeidh an chéad olltoghchán eile thart. Tá cluiche contúirteach ar siúl ag Johnson ach d’éirigh leis go dtí seo.

Close
Close