Kathryn Ní Mhaoláin
Nuair a tháinig Fleadh Cheoil na hÉireann go dtí na sé chontae den chéad uair riamh in 2013 – an chéad uair ó bunaíodh Comhaltas Ceoltóirí Éireann 62 bhliain roimhe – d’éirigh liomsa, den chéad uair fosta, áit a fháil sa chomórtas náisiúnta amhránaíochta. Chuaigh mé fríd bhabhtaí Fhleadh Dhoire agus Fleadh Uladh agus bhí áit agam ar an ardán mór.
Agus bhí mé ar buile.
Ní mar gheall go raibh dlúthbhaint idir an Fhleadh i gcathair Dhoire agus an UK City of Culture, cé go raibh sin ina chonspóid ag an am.
Ní mar gheall ach oiread go raibh go leor daoine ag cur ainm eile ar an chathair, ainm a bhfuil sé litir sa bhreis aige.
Bhí mé ar buile mar go raibh an comórtas amhránaíochta, agus na ceolchoirmeacha, agus na seisiúin, agus an Fhleadh Cheoil stairiúil seo ina hiomlán, ag titim amach le linn cúrsa Gaeltachta.
Bhí orm Machaire Rabhartaigh álainn a fhágáil, an rang ceoil agus an céilí a chailleadh, agus mo chuid cairde nua a thréigbheáil, le dul i mbun amhránaíochta. Dúirt mo dhaid nach minic a thig na deiseanna seo aníos, agus gur ócáid stairiúil a bhí ann, agus go raibh an t-ádh dearg orm a bheith mar chuid de.
Bla, bla, bla.
Thóg mo thuismitheoirí bochta fadfhulangacha mé ón choláiste, agus smut orm an bealach ar fad chuig an chathair. Agus is fada an bóthar é fiú má tá deaspion ort!
Ach nuair a bhain muid ballaí na cathrach amach, d’imigh an smut. Bhí na sráideanna lán daoine agus lán ceoil. Bhí sé draíochtúil. Ceoltóirí d’achan aois, as achan chearn den tír - den domhan! - ag seinm le chéile amhail is go raibh cairdeas blianta eatarthu. Thuig mé ansin tábhacht na Fleidhe, agus tharis sin, tábhacht na Fleidhe a bheith againn ó thuaidh.
Tá obair na gcapall ar siúl ar fud na tíre lenár gceol traidisiúnta agus ár gcultúr a chur chun cinn, go háirithe le cúpla bliain anuas agus é ‘cool’ le bheith Gaelach. (An féidir le traidisiún ársa a mhair fríd na céadta bliain de bheith faoi chois gan a bheith cool? Cad is “cool” ann cibé? Ceisteanna fá choinne lá eile.)
Is mar gheall ar dhianobair dhíograiseach leithéidí CCÉ Ards, Scoil Cheoil Traidisiúnta Ghleann Ghormlaithe, Maddens, Belfast Tradfest, agus tuilleadh nach iad, atá an t-ádh orainn go bhfuil an Fhleadh ar leac an dorais againn i mbliana agus ar an bhliain seo chugainn.
Tá muid beannaithe i measc na gceoltóirí, na ndamhsóirí agus na scéalaithe is fearr sa tír an tseachtain seo. Sa bhrí litriúil - bronnfar teideal náisiúnta ar na céadta daoine sna comórtais éagsúla le linn na féile.
(Beidh tú sásta a chloisteáil, a léitheoir, i ndiaidh domhsa triail ar an Fhleadh i nDoire in 2013, gur bhain mé féin an comórtas náisiúnta amhránaíochta sean-nóis sa bhliain 2019 i nDroichead Átha.)
Ach ar ndóigh, ní comórtais amháin a bhíonn i gceist leis an Fhleadh. Cosúil le féile an Oireachtais, tá sé i ndiaidh fás go leibhéal iomlán eile. Féasta ceoil agus ceiliúradh pobail atá ann, seachtain ar leith ina dtógtar seilbh iomlán ar chathair.
Anois agus Fleadh Cheoil na hÉireann ó thuaidh den dara uair, i mBéal Feirste cultúrtha cois cuain, ní chaillfidh mé soicind de. Tá cónaí orm anseo anois, agus tá mé ag súil go mór le fáilte a chur roimh an mhilliún cuairteoirí a mheastar a bheith sa chathair le linn na seachtaine. Bhuel, ní fáilte phearsanta b’fhéidir. Ach tá mé millteanach bródúil gur sa chearn s’agamsa den domhan atá daoine ag triall i mbliana.
Fleadh Cheoil na hÉireann shona daoibh!
Agus d’aon duine atá ag cailleadh laethanta luachmhara sna coláistí Gaeltachta le páirt a ghlacadh sna comórtais - ádh mór oraibh!



