Éamonn Ó Corráin: Teagascóir agus Déantóir Píob

Bheartaigh Éamonn Ó Corráin dul i mbun na bpíob i ndiaidh dó Brian Vallely a chluinstin á seinm. D’fhreastail sé ar na ranganna i gCumann Píobairí Ard Mhacha agus níor amharc sé siar ó shin.

Agus é ina chónaí i Londain ag obair ar na suíomhanna tógála, bhuail sé le beirt fhear - Matty Sullivan, a bhí ag déanamh fliúiteanna, agus Alan Ginsburg, a bhí ag obair ar phíobaí. Thosaigh Éamonn ag cuidiú leo ag an deireadh seachtaine agus is ón tréimhse sin a d’fhás paisean s’aige don cheird agus a fuair sé na bunscilleanna.

Agus é ar ais sa bhaile, phós sé agus thóg sé clann. Thosaigh sé ag múineadh agus nuair a bhí cúram breise an phríomhoide scoile air, d’fhág sé an cheird ina dhiaidh ar feadh tamaill, go dtí go raibh cuidiú de dhíth ar Chumann Píobairí Ard Mhacha.

Bhí daltaí acu agus bhí píobaí acu, ach ní raibh duine acu le cóiriú nó tiúnáil a dhéanamh ar na huirlisí. Thosaigh Éamonn ag obair sa chlub, ag teagasc rang píobaireachta agus ag déisiú agus ag déanamh na bpíob.    

Thug Meon Eile cuairt ar Éamonn agus é i mbun oibre i gceardlann s’aige ina theach i Muineachán, áit a bhfuil sé lonnaithe. Oibríonn Éamonn idir an cheardlann sa bhaile agus Cumann na Píobairí in Ard Mhacha.

Close
Close