Ciarán Ó Pronntaigh
Nár rith sé leat go raibh sé cineál ait nach raibh seirbhís nuachta i nGaeilge ar an BBC? Cinnte, tá cláir mhaithe acu a phléann le cúrsaí reatha ar an raidió agus bíonn cláir rialta ann de gach cineál ar an teilifís… seachas seirbhís nuachta.
Anois, níl trioblóid acu clár leathuair an chloig a chur ar fáil gach lá ar BBC Alba agus tá seirbhís chuimsitheach ar S4C na Breataine Bige chomh maith. Sin taobh amuigh de na stáisiúin raidió sna tíortha sin - BBC Radio Cymru agus BBC Radio nan Gàidheal faoi seach - agus na míreanna nuachta a bhíonn ar fáil orthu le linn an lae.
Cad é atá difriúil sna sé chontae nach ligfí dúinn éisteacht leis an scéal is déanaí inár dteanga féin? Ní easpa suime atá ann, ní dóigh liom, nó bíonn plé mór ar líne ar na ceisteanna is práinne do lucht na Gaeilge. Más ceist airgid atá ann, tá leithcheal á dhéanamh orainn i gcomparáid le lucht Ghaeilge na hAlban agus na Breatnaise. Nó an bhfuil cúis níos casta taobh thiar de? An amhlaidh nach mbeadh muinín as lucht na Gaeilge an líne eagarthóireachta tí a leanúint i gceart? Tá mé ag caint faoi fhoireann de léiritheoirí, láithreoirí agus iriseoirí a roghnódh a gcuid scéalta féin agus a chuirfeadh ar fáil iad ar a ndóigh féin. Ní, go díreach, aistriúchán ar an rud atá ar fáil i mBéarla cheana féin.
An mbeifí in ann brath orthu, mar shampla, gan an focal ‘cinedhíothú’ a úsáid agus iad ag plé cúrsaí i nGaza? Nó cad é mar a chlúdódh siad an cheist faoi chomharthaíocht Ghaeilge? Agus ceist níos doimhne arís, cad é an freagra a bheadh acu dá n-iarrfadh MI5 orthu gan mír faoi leith a chraoladh, mar a mhaígh an t-iriseoir Chris Moore ar na mallaibh? Bhí am ann nuair a chosain an BBC an status quo ó thuaidh, an mbeadh siad sásta tacú le seirbhís anois nach mbeadh chomh hómósach don stát?
Beidh ceisteanna le cur, mar is cóir. Ní mór don tseirbhís a bheith cothrom agus a bheith airdeallach ar an chlúmhilleadh agus cásanna leabhail. Ach, mar a chonaic muid ar na mallaibh, is priacal é seo do lucht an Bhéarla chomh maith.
Réiteach amháin ar an scéal ná an maoiniú a thabhairt do Raidió Fáilte a chuireann amach míreanna nuachta beagnach gach lá nó maoiniú faoi leith a chur ar fáil d’ardán ar líne amhail Meon Eile le cur lena bhfíseáin nuachta agus seirbhís iomlán nuachta a sholáthar. (Ar mhaithe le hoscailteacht, tá mé ag scríobh do Meon Eile anseo agus tá baint agam le Raidió Fáilte chomh maith).
Ní gá a rá go bhfuil an scéal ó dheas i bhfad níos fearr agus seirbhísí nuachta cuimsitheacha craolta ann. Ach fós féin, tá aighneas idir TG4 agus RTÉ maidir le neamhspleáchas nuachta. Tá buntáistí móra ann go soláthraíonn RTÉ nuacht do TG4 (mar a dhéanann do RTÉ Raidió na Gaeltachta, ar ndóigh) maidir le costais agus infheistíocht i dtrealamh gan an phroifisiúntacht a bhaineann le heagras mór a lua.
Tá ceist bhunúsach ann don teanga, áfach, mar atá, an gá go mbeidh an Ghaeilge ag brath ar lucht an Bhéarla i gcónaí? Tá a lán Gaeilgeoirí i RTÉ ach ní dóigh liom go ndéarfaí gur eagraíocht Ghaeilge é. D’fhéadfaí a rá gur siomptóm é an cur chuige seo de mheon an stáit i leith na teanga – is rud sa bhreis í an Ghaeilge a ndéanfar freastal uirthi ar an dóigh is fusa seachas a ceart a thabhairt di rudaí a dhéanamh ar a conlán féin.
Léaró amháin sóláis ó dheas gur gá céatadán faoi leith de na fógraí stáit a bheith i nGaeilge na laethanta seo. Ní thig liom éalú ó na fógraí ‘Cuir sa Bhruscar é! ar ‘X’ ach fáiltím rompu ag an am céanna. Is é a chiallaíonn an polasaí seo go bhfuil áiméar ag comhlachtaí Gaeilge sciar den fhógraíocht seo a fháil. Cheana féin, tá nuachtán nua neamhspleách ann (‘An Páipéar’, mura miste leat) agus tá forlíonadh seachtainiúil ag an Irish Times agus an Irish Independent. Ar a laghad, tá rogha ag daoine anois agus beidh iomaíocht ann.
Seans go mbeidh tú ag rá nach ndéanann sé pioc difir cé acu dream a bheas i mbun na meán Gaeilge, a fhad is gurb ann dóibh agus níl mé ag fáil locht ar cheann ar bith acu. Ach gan an misneach a bheith againn seasamh ar ár gcosa féin agus meáin dár gcuid féin a bheith againn is laige a bheas muid ag deireadh an lae.
Agus i dtaca leis an BBC agus réimse na craoltóireachta poiblí ó thuaidh, is cearta agus stádas atá i gceist, sin agus comhionannas lenár gcairde in Albain agus sa Bhreatain Bheag, rud nach bhfuil bainte amach againn go fóill.