Bua seachas cúlú siar

Ciarán Dunbar

“Aon uair a labhraím le daoine in Albain nó in Éirinn bíonn siad diúltach faoi rudaí i gcónaí… Ba bhreá liom dá mbeadh na fadhbanna atá acu againne. Má tá daoine in Éirinn in ísle brí, nó má cheapann siad go bhfuil rudaí fíor-dheacair, ba cheart dóibh a theacht go hOileán Mhanainn.” 

Adrian Cain ag caint le Colm Ó Broin – Gaelscéal, 24/10/12



Tá Seachtain na Gaeilge buailte linn agus go leor daoine go fóill lán misnigh mar gheall ar Lá Mór na Gaeilge a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath cúpla seachtain ó shin.

Mar sin féin mothaím go 
bhfuil díomá agus éadóchas áirithe fós le mothú i measc an phobail.

 Pointe é sin a thóg iar-Ard-Mhéara Bhéal Feirste Niall Ó Donnghaile ó Shinn Féin le déanaí agus é ar chlár Cormac ag a Cúig – dúirt sé nár thuig sé cén fáth a bhfuil an ghruaim seo ar Ghaeilgeoirí i gcónaí nuair ba cheart go mbeadh siad lán dóchais.



Chuir mé spéis sa phointe sin óir is ábhar é a bhfuil mé féin ag déanamh imní faoi le tamall. 

Is minic a smaoiním ar an rud a dúirt Adrian Cain – ba bhreá linn bhur bhfadhbanna a bheith againn.

 Anois, ná bíodh aon amhras faoi – bhí bliain uafásach ag an Ghaeilge.



D’éirigh an Coimisinéir Teanga as ar an ábhar nach féidir leis aon rud a dhéanamh chun iachall a chur ar státseirbhísigh sa Phoblacht géilleadh do dhlíthe an stáit a fhaomhadh go daonlathach.



Tá an Ghaeilge faoi bhrú ó rialtas nach bhfuil spéis dá laghad aige inti nó atá naimhdeach don teanga fiú.



Thiocfadh liom dul ar aghaidh, ach ba mhaith liom eisceacht a dhéanamh an uair seo agus an taobh eile den scéal a thabhairt.

 Má tá roinnt de phobal na Gaeilge in ísle brí – faoi ghruaim fiú – cuirim an cheist, an bhfuil rudaí chomh dona sin?



Labhraíonn 100,000 duine an Ghaeilge gach lá in Éirinn amháin agus tá tuairim ar 120,000 duine a labhraíonn í uair sa tseachtain – ní beag an méid é sin.


Bhí na mílte amuigh ar shráideanna na príomhchathrach chun a dtacaíocht a léiriú don teanga agus beidh an scéal amhlaidh i mBéal Feirste i mí Aibreáin.


Agus ba cheart dúinn cuimhneamh go bhfuil na mílte daoine fásta ar fud na hÉireann ag foghlaim Gaeilge i ranganna oíche.



Muise is ollghluaiseacht í gluaiseacht na Gaeilge i gcónaí – gluaiseacht ar féidir leis a bheith níos láidre arís dá mbeadh aontacht agus chomh-fhís ann.

Ach ag éisteacht linn ag caint eadrainn féin, shílfeá nach bhfuil ionainn ach cúpla chéad duine atá ar mire glan.



Tá an Ghaeilge á teagaisc mar ábhar riachtanach i scoileanna ó dheas go fóill – rud a chiallaíonn go bhfuil líon na ndaoine a bhfuil Gaeilge acu ag ardú i gcónaí – d’ainneoin na mbréag a léann tú sna meáin.
 
 Agus tá meáin de scoth againn féin.



D’ainneoin gur gearradh siar ar bhuiséad RTÉ Raidió na Gaeltachta agus TG4 tá siad ann i gcónaí – níl mé ag rá nach bhfuil aon bhaol ann dá dtodhchaí – ach tá siad ann inniu.



Agus tá dhá stáisiún raidió eile againn – agus ceann eile ar a bhealach.

Tá páipéar nuachtáin, ‘Seachtain’, a théanns amach leis an ‘Irish Independent’ – sin tuairim ar 120,000 cóip sa tseachtain ag dul i gcló.

Tá ‘Seachtain gan aon mhaoiniú agus maireann sé ar chúiseanna tráchtála.

 Tá leathanach Gaeilge ag an ’Irish Times’ chomh maith, arís gan mhaoiniú.

 Ó thuaidh, tá ‘Meon Eile’ againn ar ndóigh agus déanann an BBC cláracha Gaeilge leis.



Agus tá ‘Goitse’, ‘Nuacht 24’, ‘iGaeilge’ agus ‘An Tuairisceoir’ againn atá ag feidhmiú gan mhaoiniú.

 Ná déanaimis dearmad ar an iris mhíosúil ‘NÓS’ a thosaigh mar ghnó tráchtála agus tá anois á maoiniú.

 Agus tá ‘Comhar’, ‘An tUltach’, ‘Feasta’ agus ‘beo.ie’. ann.

 Cinnte tá bearnaí ann ach níl a fhios agam fútsa ach ní bhíonn an t-am agam na meáin Ghaeilge ar fad a léamh!



Agus beidh seirbhís úr nuachta á maoiniú ag Foras na Gaeilge go luath chomh maith.



Cearta



Ar ndóigh, ní aithnítear an coincheap cearta teanga go forleathan in Éirinn – thuaidh nó theas.

 Ní scéal maith é sin ach fiú ansin feicimse dóchas ann nuair a mhothaíonn namhaid na Gaeilge go bhfuil sí láidir go leor go gcaithfidh siad gníomhú ina coinne i gcónaí.



Gaelscoileanna



Níl mé ag maíomh gur réiteach gach aon fhadhb iad na Gaelscoileanna ach is cinnte go bhfuil fás sna Gaelscoileanna.

Agus tá siad ag fás i gcónaí – go dtí an pointe arís go bhfuil namhaid na Gaeilge ag panic-eáil fá dtaobh dóibh.



Páistí



Is í an fhadhb is mó atá againn inniu maidir leis an teanga ná go bhfuil Gaeilgeoirí sa Ghalltacht agus cainteoirí dúchais sa Ghaeltacht ag roghnú gan a gcuid páistí a thógáil mar Ghaeil.

 Seans dá mba rud é gur roghnaigh muid a bheith níos dearfaí faoin Ghaeilge go dtógfadh níos mó daoine a bpáistí leis an teanga?



Ach fiú sa réimse seo, tá dóchas ann, mar a deir an Coimisinéir Teanga níor rugadh an cainteoir dúchais deireanach go fóill – tá páistí á dtógáil le Gaeilge sa Ghaeltacht go fóill agus is beag paróiste in Éirinn nach bhfuil páistí á dtógáil le Gaeilge ann.



Tá ábhar dóchais eile ann ar cheart go mbeadh muid dearfach faoi ach ní fiú dul ró-dhomhain sa teangeolaíocht.

 Ach caithfidh mé seo a rá – éistfidh daoine áirithe leis seo agus ní amháin nach n-aontóidh siad leis an tuairim seo ach a bheas naimhdeach de.



Tá daoine den tuairim go bhfuil an t-éadóchas anois ina tréith dhúchasach ghaelach.

 Breast é sin mar sheafóid.

 Agus táthar ann a ghlacann mar mhasla gach focal dearfach faoin teanga ar an ábhar go n-íslíonn stádas na Gaeilge sa Ghaeltacht dar leo.



Cha dtuigim faoin spéir cén dóigh a mbaineann an Ghaeilge á labhairt i gCathair Chorcaí de Ghaeltacht Mhúscraí caithfidh mé a rá.



Cinnte, tá cathanna le troid, troidfear iad – ach caithfidh muid foghlaim cén chaoi bua a shamhlú seachas cúlú siar.

Caithfidh muid dul ar an ionsaí go dána agus mí-náireach seachas a bheith i gcónaí ar an chosaint.



Tá todhchaí na Gaeilge i lámha na nGael – mar a bhíodh i gcónaí i ndeireadh na dála – glacaimis an fhreagracht sin orainn féin agus glacaimis misneach as.

 Ná bímis faoi ghruaim – bímis trodach ach bímis ag gáire linn agus muid ag troid.

Close
Close