Athuair ag Áth Cliath

Fearghal Mag Uiginn

Áth Cliath 2-17 Tír Eoghain  1-14

Tá éacht déanta ag an fhoireann ildánach seo Átha Cliath nár éirigh le contae ar bith eile a dhéanamh an céad seo – Craobh Peile na hÉireann a bhaint ceithre bliana as a chéile.   Trí huaire a rinneadh gaisce sa chéad seo a chuaigh thart, ag Loch Garman céad bliain glan ó shin (1915-1918) agus ag Ciarraí faoi dhó (1929-32; 1978-81).

Ach lá na staire ag Áth Cliath a bhí ann inné.  Sa deireadh thiar, tháinig an tuar faoin tairngreacht agus ar Stiofán Cluxton a bronnadh Corn Shomhairle Mhig Uidhir – arís!

Breithlá an choirn a bhí ann inné chomh maith agus é deich mbliana is ceithre scór d’aois. Ceithre bliana as a chéile ag Cluxton an corn a ardú, an cúigiú huair ar fad aige.

Bheadh ardmheas ag Mag Uidhir ar an ghaisce sin mar bhí sé féin mar chaptaen foirne i gcluiche ceannais peile na hÉireann faoi thrí  – ach chaill iad ar fad (1900, 1901, 1903).

Má rinneadh dhá cheathrú de leath peile riamh, inné ag an cheanncheathrú a bhí ann. Bhí tine ar chraiceann Thír Eoghain sa chéad cheann, 0-5/0-1 chun tosaigh agus bhí an tús deimhneach ag baint liú neamhghnách as na slisíní dearga is bána ar Chnoc 16!  Ó Brolcháin (0-2), Mac Cana (0-1) agus Mac Conuisce (0-3).  

Bhí ag éirí leis na hUltaigh brú a chur ar chic amach Átha Cliath, an imirt a thiontú go héifeachtach faoi lár na páirce agus bhí comhimirt shlachtmhar mhuintir na hardchathrach á cur as riocht.

Ba thús é a ghríosaigh Tír Eoghain agus a mhúscail dóchas gan choinne. Sa chéad cheathrú sin, níor scóráil Áth  Cliath ón imirt agus, gan choinne, ní raibh Mac Concharraige ar a sháimhín só ón talamh nó óna lámha leis na saorchiceanna.

Bhí an chuma ar chúrsaí go raibh an dá athrú a rinne Ó hAirt sular caitheadh an liathróid isteach ag teacht aniar aduaidh ar Churaidh na hÉireann – Ruairí Ó Braonáin agus Ó Maoilir istigh, Ó Broin agus Risteard Ó Donnaile amuigh.   Ach is fada an script peile nach mbíonn casadh ann.

Claochlú a d’fhéadfá a thabhairt ar an dara ceathrú den chluiche ceannais peile seo 2018. Scaoileadh an gad. Briseadh na laincisí. An meascán draíochta sin de luas agus chumas a rinne meascán mearaí de chosaint na nUltach roimh leathama. Comhimirt a bhfuil comhfhocal úr tuillte aici  - luaschumas. Luaschumas ealaíonta peile.

An giorria geanúil clúmhach sin Mac Gafraidh (0-1), ag alpadh na páirce – é ag bailiú nirt agus luais le gach céim. Ní dóigh liomsa go bhfaca Páirc an Chrócaigh riamh imreoir chomh gasta i mbun seilbhe.

Mac Giolla Chainnigh (0-4) anois amuigh agus é ag stiúradh ghluaiseachtaí fíochmhara na bua nach raibh neart ag Tír Eoghain orthu.  Faobhar fíochmhar.  Ó Ceallacháin ag casadh is ag lúbadh, coisíocht snasta, sleaschéim damhsa le fírinne – seans go dtabharfadh Flatley ‘peilrince’ air!

Anois cic amach Thír Eoghain a bhí go tobann faoi bhrú agus ón bhrú céanna a shíolraigh an chéad chúl.

Tugadh Ó Mainnín go talamh agus é díreach réidh le bolg a chur san eangach.Chuir sé bolg ann ar ball beag bídeach ón chic éirice a bronnadh. Snámh in aghaidh easa a bhí ann anois ag na hUltaigh.

Dhírigh Mac Concharraige a bhróga cama scórála agus tuilleadh peilrince ó Chonn Ó Ceallacháin a d’fhág an dara cúl mar dhuais an dorais ag Niall Ó Scolaí.

2-6/0-1 a bhain Áth Cliath an dara ceathrú agus b’ionann sin agus buntáiste na bua ag leathama, i mo bharúil féin.      

Áth Cliath 2-7    Tír Eoghain 0-6

Anuraidh sa bhabhta leathcheannais, thit an tóin as iarrachtaí Thír Eoghain go luath sa chéad leath.  Ní féidir sin a chur i leith na nUltach an iarraidh seo.  Léirigh siad mianach, spiorad, miotal, bród agus crógacht sa dara leath – in aghaidh easa.   Na tréithe céanna a léirigh a mbainisteoir cróga le blianta beaga anuas agus mianach go smior ann.

D’aimsigh Tír Eoghain an chéad agus an dara scór sa dara leath ach láithreach tháinig freagra an duine ag Ó Fiannachta (0-2) agus Ó hÍomhair (0-1).

Más giorria é Mac Gafraigh, is lúthchleasaí den chéad scoith é Mac Cárthaigh, nár léirigh trócaire dá laghad do chosa dúthuirseacha Thír Eoghain.

Is lú trócaire a léirigh na fir ionaid (0-2) a bhí ar an bhealach agus ba dhíol trócaire an radharc é Colm mór Caomhánach. É ina staca uaigneach eorna ar imeall na cearnóige bige - ach ag ceann eile na páirce agus Tír Eoghain ag iarraidh tarrtháil a dhéanamh ar an bhád Ultach a bhí ag dul go tóin poill. 

Mar a dhéanfadh Colm dílis áit ar bith ar an pháirc dá chontae dúchais, bhain sé tairbhe as a ghliceas peile le cic pionóis a mhealladh agus chuir Peadar Ó hAirt (1-1) an liathróid go gleoite isteach sa líontán. Ach ag na buaiteoirí a bhí an focal deiridh, dhá chúilín a chuir le bearna na bua, bua nach raibh in amhras ag pointe ar bith sa dara leath fadálach sin.

Iarracht mhór ó Thír Eoghain ach ba leis an ‘luaschumas’ a bhí an lá agus breá tuillte fosta. Foireann de na foirne is cumasaí dá bhfaca mé riamh.

An mbainfear an cúigiú craobh as a chéile?

Gach seans – ach sin scéal a mbeidh ruball beag, óg air, b’fhéidir.

Bhain Ciarraí an cúigiú craobh mionúr as a chéile inné. Céile comhraic na bliana seo chugainn agus ábhar díoltais 1982?

Close
Close