Athruithe móra i nós an phósta, ach an grá fós ann

Michelle Nic Pháidín

Tá cuimhne agam go foill ar an lá a tháinig muid go deireadh an leabhair, Caisleáin Óir, agus muid inár scoláirí i bPobalscoil Ghaoth Dobhair. Fanann cuimhní áiríthe leat de bharr go bhfágann siad lorg ar d’intinn agus rinne Caisleáin Óir sin liomsa. Seans go mbíonn ról ag scéaltaí agus imeachtaí áirithe ort le linn do shaol i ngan fhios duit. 

Déanann scéal Caisleáin Óir cur síos ar shaol Bhabaí Mhairtín agus Shéimí ó thús a mbeatha go dtí an uair dheireanach chinniúnach sin a chás siad ar a chéile.

Ó thús an leabhair, tugtar le fios go bhfuil gaol láidir eadarthu agus go bhfuil siad in ainm is a bheith le chéile. Nuair a thagann an t-am, téann Séimí thar sáile – mar a rinne iomaí sin duine san am sin – ag lorg oibre. Téann sé go hAlbain ar dtús agus ó shin go Meiriceá. Fanann Babaí sa bhaile ag fanacht le focal Shéimí. Cé go dtiteann súil na bhfear go minic uirthi, fanann sí go dílis don fhear thar lear. 

Le himeacht na mblianta, tagann Séimí ‘na bhaile agus, i ndiaidh dó Babaí a fheiceáil, imíonn sé arís.

Mhothaigh mé an scéal sin den chéad uair sna 80í. Ag an uair sin bhí mise ag coimhéad leithéidí Top Gun, Footloose agus Dirty Dancing. Scannáin a bhí iontu a ghríosaigh daoine ar bhealach i dtreo an ghrá agus léirigh siad go mbíonn an bhua i gcónaí ag an ghrá, is cuma cáide atá sa chasán aige.

Is cuimhin liom an rang Gaeilge a fhágáil an lá úd agus an focal deireanach a dúirt ár máistear linn ag sileadh ó m’intinn. Níor thuig mé cáide an dóigh a bhféadfadh Séimí gan Babaí a phósadh nó gan í a thabhairt ar lámh leis ar ais go Meiriceá. Chonacthas domh gur sin an dóigh ar cheart don saol a bheith. Bhí mé ag léamh Wuthering Heights chomh maith agus ag smaoineamh ar an ghrá a bhí idir Heathcliff agus Catherine - grá a raibh ceol na haoise ann.

Tógadh mise ag am nuair a phós formhór na ndaoine na chéad daoine ar thit siad i ngrá leo agus go hionadúil ba as an cheantar céanna iad, bhí an Ghaeilge acu, bhí taillte acu fán cheantar agus thóg siad teach agus clann.

Cé go raibh an saol sin simplí agus go raibh an dearcadh ann go raibh daoine maith agus cineálta dá chéile, tuigeann muid anois nach mar sin a bhí sé i gcónaí. Bhí drochbhail ar go leor ban laistigh do na caidrimh seo agus, anuas ar an donas sin, bhí go leor uafáis á cheilt ag daoine. D’athraigh an saol, d’athraigh daoine, d’athraigh meon na ndaoine agus leis sin tháinig go leor maitheasa.

Tá cead ag daoine colscaradh a bheith acu anois, tá cead ag beirt bhan nó beirt fear pósadh.

Cé go bhfuil ceart ag gach duine pósadh anois, tá an nósmhaireacht ag athrú. Léirigh alt ar CNBC go bhfuil laghdú 60% tagtha ar phostaí i Meiriceá ó bhí na 70í ann. Léiríonn statisticí ón tSín go bhfuil an líon is lú daoine ag pósadh anois nó mar a phós ariamh - sin ó cuireadh tús leis na taifid. Mar gheall air sin ní bheidh go leor daoine óga ann le dhul i mbun oibre sna blianta romhainn amach agus sin mar atá an scéal i neart tíortha eile.

Sin ráite, tá daoine ann a chreideann go fóill sa phósadh. Tá cara liom atá ag pósadh don tríú huair mar go bhfuil seisean den bharúil go n-athraíonn muid uilig ar nós shéasúir na bliana agus mar sin go roghnaíonn sé bean úr do gach séasúr. Nach méanar do. Níl fhios agam a bhfuil a fhiosag  bean an fhómhair go mbeodh bean an gheimhridh sna sála uirthi.

Seans nach bhfuil an pósadh chomh buan agus a bhí agus beidh impleachtaí ann dá bharr. Tá ról ag an phósadh sa tsaol sa dóigh chéanna agus go bhfuil ról ag an ghrá mar sin ba chóir duinn uilig ár súile a chaithamh go bun na spéire - trasna na dtonnta chuig na caisleáin óir agus cinneadh a dhéanamh ár saol a chaitheamh leis an té a bhfuil muid i ngrá leis. Beidh laethanta ann nuair bheas na farraigí stoirmiúil ach beidh laethanta ann fosta nuair a bheas an fharraige ag glioscarnaigh faoi sholas na gréine.

Close
Close