Arlene agus Acht

Ciarán Ó Pronntaigh

Chuala muid go leor den cháineadh ghéar a rinneadh ar na páirtithe as an leamhsháinn ina bhfuil na cainteanna in Stormont.

Tháinig spriocamanna agus d’imigh siad.

Má théann rudaí de réir an ruda a dtugtar ‘plean’ air tosófar na cainteanna, arís, an tseachtain seo chugainn.

Tá go leor ceisteanna ag cur bac ar na príomhpháirtithe, Sinn Féin agus an DUP, teacht ar chomhaontú.

Rudaí nár cuireadh i bhfeidhm ó síníodh Comhaontú Chill Rímhinn na rudaí is mó atá ag déanamh tinnis do Shinn Féin, ach tá a liosta féin ag an DUP, chomh maith.

Agus sin gan seasamh Rialtas na Breataine, atá ina imreoir agus ina réiteoir ag an am céanna, maidir le ceisteanna a bhfuil lámh acu féin leo, oidhreacht na coimhlinte, ach go háirithe.

Ach ná bímis ag smaoineamh nach raibh dul chun cinn déanta sa tréimhse seo, agus níl mé ag trácht ar chomhaontú amháin.

Tá próiseas comhthreomhar ar siúl, chomh maith, agus is cosúil go bhfuil cluiche cliste ar siúl ag an DUP.

Níl aon amhras ach go bhfuil ceist Acht na Gaeilge gar do bharr an liosta de na hábhair aighnis idir na páirtithe.

Cheana féin, tá iarracht déanta ag an DUP Acht na Gaeilge a cheangal le hAcht na hUltaise agus, fiú, reachtaíocht a thabharfadh ardú stádais do dhaoine a bhí ar dualgas i seirbhísí míleata na Breataine.

Ní Sinn Féin amháin nach raibh róthógtha leis an mholadh sin.

Aithníonn Arlene Foster gurbh í ceist na Gaeilge, thar rud ar bith eile, fiú ceist an RHI, a rinne dochar di sa toghchán nó spreag sé náisiúnaithe a chaill spéis sa phróiseas pholaitiúil in Stormont teacht amach chuig an bhoth vótála lá an toghcháin.

Níor bhain sé le pobal na Gaeilge amháin – bhí fearg ar an phobal náisiúnach trí chéile mar gheall ar an mhasla faoi na crogaill.

Ach an amhlaidh, anois, go mbeidh Arlene Foster in inmhe buntáiste a bhaint as an bhotún a rinne sí?

Samhlaigh go dtéann Arlene Foster i gcomhairle le cainteoirí Gaeilge, mar a d’fhógair sí, agus go dtagann sí ar ais le sraith moltaí.

Bheadh sé spéisiúil a fháil amach an raibh líne dhíreach aici chuig pobal na Gaeilge, ach tarlaíonn go bhfuil cara sa chúirt aici cheana féin nó bhí Ciarán Ó Coigligh amuigh ag canbhásáil ar son an DUP ag an toghchán deireanach (mar gheall ar a seasamh ar ghinmhilleadh, is cosúil).

Abair go nglacann sí le coincheap Acht na Gaeilge – ceann lag, ar ndóigh, agus ceann a dtiocfadh léi a dhíol leis an pháirtí?

Bhí meitheal ag obair ar an cheist le linn na gcainteanna agus tuairiscíodh go raibh dul chun cinn le sonrú.

Tá an ceol ceart ag teacht amach, ar a laghad.

Cad é faoin líne dhearg eile a bhí ag Sinn Féin go gcaithfidh Arlene Foster seasamh siar a fhad is go bhfuil an fiosrúchán faoi RHI ar siúl?

Ach, más í Arlene a thugann an DUP léi ar cheist na Gaeilge, bheadh sé crua ar Shinn Féin a rá go gcaithfidh sí seasamh siar anois agus an seans le hAcht na Gaeilge a fháil a chur amú.

Tá Sinn Féin ag rá gur toghchán an t-aon rogha mura n-éiríonn leis na cainteanna – riail dhíreach an rogha atá ag an DUP.

Ach an mbeadh an DUP níos sásta le hatoghchán?

D’fhoghlaim siad an ceacht ón toghchán deireanach.

Tá cuma na réasúntachta ag teacht ar Arlene maidir le ceist na Gaeilge.

Má thógann sí Acht na Gaeilge (nó Acht Cultúr mar a mhol Nelson McCausland, an tseachtain seo) mar rud a bhfuil sí féin ag obair air, an mbeadh an oiread feirge ar lucht na teanga le go rachadh siad amach le vótáil sa líon céanna an iarraidh seo?

Caithfidh go bhfuil sin sa reicneáil ag an DUP.

Agus ná déanaimis dearmad gur lú an seans go mbeadh Acht na Gaeilge ann dá mbeadh ar an DUP dul os comhair a gcuid vótálaithe arís nó bheadh orthu gealltanais láidre frith-Ghaeilge a dhéanamh leis an ruaig a chur ar an TUV.

Fiú má tá na ceisteanna eile mórán gan réiteach ag an phointe seo, tá an DUP ar thalamh níos sláine mar gheall ar an seasamh nua.

Is cuimhin liom díospóireacht phoiblí faoi cheist na Gaeilge, blianta fada ó shin, idir an straitéisí polaitiúil Eoghan Harris agus Gearóid Ó hEára ó Shinn Féin.

Bhí mana ag Harris ag an am gur chóir a mhalairt den rud a bhfuiltear ag súil leis a dhéanamh – is mó éifeacht a bhíonn leis sin.

An amhlaidh go raibh cluas Arlene ag an Uasal Harris?

Beidh na rudaí seo uilig ag brath ar Rialtas na Breataine anois, i ndiaidh do Theresa May olltoghchán a iarraidh.

An fiú leanúint ar aghaidh anois agus gach páirtí ag díriú ar thoghchán Westminster?

Cén sórt bagartha í an riail dhíreach mura bhfuil rialtas ann lena riar?

Nó an ndéanfar iarracht páirceáil a dhéanamh, ag súil leis go mbeidh na páirtithe sásta na píosaí a atógáil ar 9 Meitheamh?

Cibé difear a dhéanfar is mó an seans go mbeidh móramh níos mó ag May, rud a fhágfaidh nach mbeidh siad i dtuilleamaí an DUP an oiread sin.

Agus beidh tionchar aige sin ar na cainteanna, anois nó amach anseo.

Close
Close