An tOrd Oráisteach, an Ghaeilge agus an deis nár tapaíodh

Concubhar Ó Liatháin

Tá deis iontach caillte ag TG4 sa mhéid nach bhfuil an craoltóir Gaeilge tar éis léim isteach sa bhearna tar éis cinneadh an BBC i mBéal Feirste gan craoladh beo a dhéanamh ar an dteilifís ar pharáid an Oird Oráistigh agus a chuid bannaí dílseacha ceoil ar an Dóú Lá Déag. 

Sara dtosaíonn a bhfuil de léitheoirí ag Meon Eile orm le teann feirge, lig dom mo chás a mhíniú.

Cúrsaí buiséid agus athrú próifíl lucht féachana ab ea na húdair a luaigh ceann foirne an BBC sna Sé Chontae, Adam Smyth, lena chinneadh an clár traidisiúnta an Dóú Lá Deag a chur ar deoraíocht go dtí gléas ar líne an chraoltóra, an iPlayer.

Bhí raic agus gleo faoi seo ar feadh roinnt laethanta agus polaiteoirí aontachtacha le ceangal faoin gcinneadh - nár thuig an BBC an bhrí atá le ‘B’ i dteideal na heagraíochta: Briotanach le ‘B’ mór, bíodh a fhios agat!

Mothaím féin go bhfuil údar eile leis an gcinneadh nach luafar os ard. Is é sin gur eagras é an tOrd Oráisteach a bunaíodh san 18ú haois agus nach bhfuil an 21ú haois go hiomlán ar a compórd leis. Níl teachtaireacht bhunúsach Chríostaí an Oird ag teacht le saoltacht na haimsire seo.

Tá blás den bhfimíneacht ag baint leis an eagras sa mhéid is go mbíonn sé i gcónaí ag cur i gcoinne meascadh polaitíochta agus creidimh chomh fada is a bhaineann sé leis an deisceart - an cuimhin libh ‘Home Rule is Rome Rule!’? Ag an am céanna tá an Protastúnachas is Protastúnaí is féidir lárnach ina dtuiscint ar conas mar is ceart an Tuaisceart a rialú. Is é an brú ón Ord a chuir moill ar feadh i bhfad ar leathnú na dlíthe ón mBreatain a ligfeadh do lanúnacha aeracha pósadh nó d’fhir homaighnéasacha fuil a dheonú. Go fóill níl cead ag mná an Tuaiscirt deireadh a chur le toircheas sna Sé Chontae - caithfidh siad taisteal go Sasana don ghnó sin in ainneoin go bhfuil Westminster tar éis a rá le Feidhmeannas an Tuaiscirt nach bhfuil seo ceart ná cóir agus dlí dá réir reachtaithe. Is amhlaidh nach bhfuil an Feidhmeannas ann chun feoil na rialacha a chur le cnámha an Achta.

Fágfaidh mé i leataobh a maíomh síoraí go bhfuil an cultúr Briotanach Protastúnach Dílseach á chur faoi chois agus iad go glórach ag damnú na Gaeilge agus an chultúir Éireannaigh san anáil chéanna. Is seanphort agus meirg air é sin.

Tar éis dom na rachtanna feirge go léir a chloisint ar chlár Steven Nolan is a leithéid, rith an smaoineamh mire liom gur cheart do TG4 seasamh isteach sa bhearna. In áit an t-alt seo a scríobh láithreach bonn - cur chuige a ghlacas orm féin roimhe seo agus ná raibh torthaí sásúla ar an méid a scríobhas - rinneas a thuilleadh machnaimh faoin ábhar.

Agus dhaingnigh an tuairim i mo cheann gur smaoineamh maith a bheadh ann. 

Clár é seo a d’fhéadfadh TG4 nó comhlacht léirithe éigin ó thuaidh maoiniú a fháil ina leith ón gCiste Craoltóireachta Gaeilge, agus ó Chiste na hUltaise. D’fhéadfadh an craoladh a bheith dátheangach+ - as Gaeilge, Béarla agus Albainis Uladh. Seinneann na bannaí ceoil go leor ceol Gaelach.

Thairis sin is deis a bheadh ann an tOrd Oráisteach a shuíomh i gcomhthéacs cultúrtha a bheadh éagsúil ón bpolaitíocht sheicteach. 

Thar gach aon rud eile, bheadh deis ann lámh an chairdis a shíneadh trasna dhuibheagán na staire chun tús a chur le comhrá níos sláintiúla.

Tá an tOrd Oráisteach ann ó 1790 agus, seachas tréimhse sa 19ú haois nuair a chuir Rialtas na Breataine cosc orthu, is dóichí ná a mhalairt nach bhfuil siad ag dul in aon áit go luath.

Ní shamhlaím go gcuirfidh tuairisciú beo go luath ar maidin isteach ar mórán de ghnáthlucht féachana TG4 ag an am sin an Dó Lá Déag. Ní shamhlaím ach chomh beag go gcuirfidh sé go mór le lucht leanúna an Oird is go mbeidh scuainí fada de bhaill nua ag lóistí áitiúla ar fud an Tuaiscirt.

Chaitheas beagnach scór bliain ó thuaidh ó 1996 go 2018 - bhíos imithe ar feadh seala sa lár - agus is beag am a thugas faoi deara an choimhlint idir an dá mhórphobal a bheith chomh teann is chomh lán le fuath agus a bhíonn i mí Iúil.

Conas a scaoilfear snaidhm na staire?

Deir Seamus Heaney an méid seo ina dhán ‘Cure at Troy’: 

So hope for a great sea-change 

On the far side of revenge. 

Believe that a further shore

Is reachable from here.

Believe in miracles

And cures and healing wells.

Cén áit a dtosnaíonn míorúiltí? Cén áit eile ach linn féin. Agus sinn ag smaoineamh chun tosaigh ar aontú na hÉireann, cad a shamhlaímid leis?  An tír í nach mbeidh aon rian den ‘oráisteachas’ ann? Ní chreidim go bhfuil aontú chun tarlú más é sin an tsamhail atá againn.

Ní haon chosantóir na nOráisteach mise. Chaitheas an t-am sin ar fad i mBéal Feirste gan bheith i ngiorracht aon mhórshiúil dá gcuid ach de thimpiste nó má bhíos ag obair.

Tá GB News tar éis léim isteach sa bhearna agus mar sin níl aon ghá do TG4 amhlaidh a dhéanamh anois. Daingneoidh GB News na trínsí seicteacha seachas aon rud eile, creidim. Tagann an cur chuige sin le clár oibre coimeádach mion-Sasanach an chraoltóra.

Is leosan agus lena lucht féachana an cultúr nach bhfuil dúiste ón gcodladh céad bliain go fóill.

An moladh atá déanta agam, go gcraolfaí mórshiúl an Dóú Lá Deag ó Bhéal Feirste beo ar TG4 maidin na féile, ba dheas liom a shamhlú go mbeadh sé ar nós an choiligh ag fógairt an lae!

Close
Close