An t-alcól - ní ardú praghsanna atá de dhíth ach ardú feasachta

Michelle Nic Phaidín

Cuireadh luach an óil in airde sna 26 chontae ag tús na bliana mar chuid d’Acht Sláinte 2018, agus de réir tuairiscí deir Feidhmeannacht na Seirbhisí Sláinte gur seo gníomh amháin faoin Acht a laghdóidh an damáiste a dhéanann alcól do dhaoine.

Is seafóid é sin dar liom.

De réir staidrimh ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte shlóg Éireannaigh siar 12.75 lítear alcóil in aghaidh an duine in 2019 i gcomparáid le thart ar 9.15 lítear a d’ól daoine eile ar dhroim na hEorpa.  

Gan suirbhé nó staidéar, tá a fhios agam féin go bhfuil daoine ann a ólann oiread agus go bhfuil siad á gcur féin i mbaol. Níl mórán daoine nár chaith oíche i gclub oíche nach bhfaca fir agus mná óga marbh ólta - gan cos acu le seasamh air agus gan iad ach i dtús

a saoil. Níl mórán daoine a thagann chomh fada le m’aois nach bhfaca daoine a ólann an iomarca ar oícheannta sóisialta agus daoine eile a ólann an iomarca ar bhonn laethúil.

Caithfear ceart a thabhairt do dhaoine a gcinntí féin a dhéanamh sa tsaol – tá sé ar cheann de na cearta daonna is bunúsaí dá bhfuil ann, do chinneadh féin a dhéanamh.

Tá stair fhada ag an tír seo le halcól, níl aon dabht faoi sin. Nuair a thagann na mór-uaisle idirnáisiúnta ar cuairt againn feiceann muid iad agus iad ina seasamh ag gáire le pionta ina ndorn acu ar leathanaigh thosaigh na nuachtán agus ar an teilifís.

Cé nach bhfuil cuimhne acu ar Uachtarán na Stát Aontaithe, Barrack Obama, agus é ag tógáil pionta? ‘Is féidir linn’ an mána a bhí aige agus is cinnte gur féidir linn ár rogha rud a dhéanamh is mian linn gan lámh chuidithe ó shaineolaí stáit, sin a deirimse.

Stop mise ag ól ag tús mhí Eanáir. Rinne mé an cinneadh ar mhaithe leis an tsláinte, ar mhaithe le rún inteacht a bheith agam le troid leis i rith na míosa, ar mhaithe le dúshlán a bheith agam ar feadh seala.

Tá mé ag ithe go folláin agus ag rith agus ag siúl ar bhonn laethúil mar sin bhí rud inteacht úr de dhíth orm.

Anois, sin mo rogha féin, ach de réir tuairisce ar RTÉ, deir Feidhmeannacht na Seirbhisí Sláinte go bhfuil an stát ag cuir an t-ardú seo i bhfeidhm le srian a chur ar dhaoine a bhíonn ag ól deochanna ar chostas íseal agus orthu seo a dhéanann an líon is mó dochair dóibh féin.

Ón mhéid atá curtha in iúl acu sa ráiteas sin, is féidir linn glacadh leis go bhfuil siad ag díriú, ar an chuid is mó, ar dhaoine ar bheagán pá nó ar bheagán airgid.

Mar sin, má tá athair nó máthair ag ól go trom, cé a bheas ag fulaingt de bharr an chinnidh seo? Cé a bheas ag dul chun na scoile ar bholg ocrach? Cá nach mbeidh na páistí ag fáil na mbrógaí rása is úire? Cé astu a mbeidh na húsairí ag baint leasa? Cé a bheas ag caoineadh siocar go bhfuil tart ar mhamaí nó ar dhadaí?

Is cinnte go mbeidh impleachtaí aige seo ar pháistí agus seans gur fadtréimhseach an tionchar a bheidh ann. An bhfuil ciall le cinneadh ar bith a dhéanamh nach dtéann chun sochair ár bpáistí?

Is cinnte go mbeidh daoine ag baint leas as an chostas úr seo agus go mbeidh margaí dubha curtha ar bun, arís eile. Beidh daoine áirithe ag gineadh airgead as cinntí stáit. Bíonn tabac de shíor á dhíol ar luach íseal ar chúlsráideanna ag lucht coiriúlachta na tíre seo agus anois tá margadh úr acu le diriú air - tionscnamh úr, cosúil liom féin ag tús mhí Eanáir.  

Nárbh fhearr i bhfad dearcadh ar an chúis a bhfuil daoine ag ól? Nárbh fhearr i bhfad oiliúint a chur go luath ar pháistí scoile maidir le dainséar an óil? Nárbh fearr ionaid agus comhairleoireacht a chur ar fáil dóibh seo atá ag streachailt agus ag fulaingt leis an ólachán agus atá ag iarraidh éirí as?

Is iomaí sin duine atá ag ól agus nach bhfuil ag iarraidh a bheith ag ól - sin cnámh Dé na fírinne agus ní saineolaí ar bith mé ach tá a fhios agam an oiread sin.

Tá gá le níos mó ionad fud fad an oileáin le déileáil leis an fhadhb agus le comhairleoireacht cheart a churtha ar fáil do na daoine seo. Má tá airgid ar bith ag titim isteach i bpócaí an Rialtais mar gheall ar an chinneadh seom d’iarrfainn orthu an t-airgead a chur i dtreo an ardaithe feasachta, na hoiliúna, na comhairleoireachta, na tacaíochta agus tógáil ionad nua, agus ansin, ar a laghad, beidh rud inteacht dearfach déanamh de bharr an chinnidh mhístuama seo.

Close
Close