An íomhá a mhiosáilis gan tú a bheith ar Mubi

An íomhá a mhiosáilis gan tú a bheith ar Mubi

Séamus Barra Ó Súilleabháin

B’é an chéad chúram a chuireas ar ghrúpa scoláirí idirnáisiúnta an seimeastar so, sarar bánaíodh an coláiste, ná foghraíocht na dtrí mhórchanúintí a thaithí. Giotaí as fuaimeanna.ie ar siúl, b’eo leo ag déanamh aithrise ar Áine, Maolra agus Dara, difríochtaí na gconsan agus na ndéfhoghar á ndéanamh amach acu go fiosrach. Ní haon nath ag an mac/iníon léinn eachtrannach IPA a léamh agus ba ábhar spéise dóibh aon fhuaim a bhí coitianta idir an Ghaoluinn agus a dteangacha féin, sa phlé a lean feiniméan foghraíochta an séimhithe .i. ó /b/ go /w/ nó /vˠ/, is ea d’eachtraigh cainteoir Spáinnise dúinn fé conas a láimhseáiltear an consan san ina theanga dhúchais.

Is é an tslí a dh’fhuaimneodh cainteoir Spáinnise an focal ‘movie’, mar dhea, ba bhunús le hainm na seirbhíse scannáin ar líne, Mubi, atá á húsáid agam le bliain. Séard atá ann ná rogha eicléicteach sain-roghnaithe de thríocha scannán ag rothlú, ceann ag dul as ar uair an dó dhéag gach oíche agus ceann eile ag teacht ina áit roimh lóchtaint an lae – fé mar bheadh pictiúrlann ann.

Is fada ó sheirbhísí sruthaithe eile ó thaobh ábhair de é. Chífeá iontaisí ar Mubi ná feicfeá go deo ar Netflix– agus ná tuig uaim gur saoithín mé – táim scamhaite chun pictiúirí, is fíor, ach is cuma cén sórt. D’fhairfinn fiú an ‘tv movie’ gan dealramh go fonnmhar, ach go bhfuilim fachta cortha de na léiriúcháin mhóra ó chianaibh agus is beag orm rogha Netflix dá bharra. Teanga ar leith í an scannánaíocht le comhréir agus meafaracha dá cuid féin agus is bocht an scéal é, dar liom, áilleacht na teangan san a bheith in easnamh ar bholg soláthair Netflixagus iad chomh dall le smut de gheansaí, sa rogha a chuirid ar fáil dá 167 milliúin úsáideoir, ar ábhar, chun athfhriotail a dhéanamh ar André Bazin, ar cheart dó domhan a chur in áit ár ndearcaidh inar léire ár gcuid mianta. Is beag slí atá ag Netflix, omniplexanna na Fódhla, do scannáin dhomhanda, scannáin ealaíne, scannáin neamhspleácha, scannáin radacacha, scannáin amaitéaracha ná scannáin vintage, de chionn a rogha a bheith á tiomáint ag tionscal Angla-Mheiriceánach atá rómhór fé úim an bhrábúis.

B’fhéidir gurbh í an chéad áit gur mheasas luach le togha agus rogha na scannán ná i nDún Garbhán mar a raibh leabharlannaí cineálta spéaclach ó Ráth Cruachain ag obair sa leabharlann áitiúil go mbíodh seilfeanna lán aige de DhVDanna ó cheithre chreasa an domhain. Ba uaidh a fuaireas amach mar gheall ar shaothar taibhsiúil fealsúnach Andrei Tarkovksy den gcéad uair. B’é an leabharlannaí úd mo sheasamh lá na coise tinne nó go gcaitheas mo bhrollach a thabhairt fé dhúthaí eile i bhfad ón gCoinigéar. Ní fhágas cúinne den idirlíon gan lorg d’fhoinse a bhí i dtánaiste a bheith chomh maith leis - stór scannán d’ardchaighdéan le fotheidil agus ábhar gan teorainn.

Do thána ar Fandor, dá éis, bunachar mór millteach (ró-mhór, b‘fhéidir) ilteangach ná raibh teorainn ar bith leis ó thaobh ábhair ach ó thaobh soláthair, gan é ar fáil lasmuigh do Mheirice Thuaidh.  Le cúnamh mo chompañero tí, d’athlonnaigh VPN [líonra príobháideach fíorúil] mo ríomhaire in Portland, Oregon. Ach ba thuras in aisce é. Tar éis bliana, do thosnaigh aisteoirí déid-gheala cáiliúla ag sailliú choimhthíos faiseanta m’amlíne twitter, agus fiú fo-ghiolc anuas chugam ó chuntas Fandor mar gheall ar ghlamaireacht neafaiseach na nOscars. Bhí rud éigin suas, agus níorbh fhada gur chuireadar foláireamh ar an suíomh ag ordú ar chlann na cinephiles Google a thabhairt orthu féin athuair toisc go raibh an gnó le díol go luath le comhlacht eile, ar Netflix beag ba chuspóir acu.

Ba mhaith a d’fhóir an drochghaoth so dom, áfach, mar go dtána ar sheirbhís ní b’ fhearr fós. Is léir fíorspéis i gcoincheapa ilghnéitheacha an léirithe chineamatagrafaigh sa roghnú a fhaightear ar Mubi, agus níos tábhachtaí ná san, bíonn cíoradh ceart déanta ar fhiúntas an ábhair. B’in é an sprioc dar lena bhunaitheoir, Efe Çakarel, fiontraí óg ón Tuirc, cothromaíocht a bhaint amach idir scannáin aitheanta agus neamhaitheanta, stíleanna seanbhunaithe agus físeanna úrnua. Roghnaíonn foirne éagsúla an t-ábhar d’fhonn freastal ar lucht féachana gach réigiúin agus ní hiad na pictiúirí céanna a bheidh ar do laethanta saoire agus atá agat ag baile. Is minic aird ar scéalta an lae le tuiscint sa roghnú leis – féach mar shampla go bhfuil spotsolas á chaitheamh i láthair na huaire ar shaothar an stiúrthóra Chóiréigh Bong Joon-ho (stiúrthóir an scannáin nótáilte nua Parasite (2020)), agus trí cinn de scannáin eile leis ar taispeáint chuige sin. Is minic sraitheanna scannán ag díriú ar stiúrthóir amháin ar feadh seal chun deis a thabhairt dúinn cur amach níos mó a fháil ar fhorás a gcuid saothair. Tá Ingmar Bergman, Luis Ospina agus Jean-Luc Godard, fathaigh scannánaíochta ar thearc trácht orthu abhus in aineoinn a dtábhacht idirnáisiúnta, clúdaithe le mí anuas.

Ach ní hiad gaiscí na seacht seanóirí amháin is cúram dóibh. Bíonn tarracar ábhar acu leis ó stiúrthóirí nua úr amach as camchuairt na bhféilte scannán. Bhí ríméad orm an chéad mhórshaothar leis an stiúrthóir Dónal Foreman ó Bhaile Átha Cliath, a fheiscint ann.  Ba scannán aiste an-tráthúil é The Image You Missed (2018) a chíorann saol an duine as radharc laistiar den gceamara trí na híomhánna atá á dtógaint aige. Tar éis bhás a athar (a thréig a chlann chun a ghairm bheatha féin mar stiúrthóir a leanúint), téann an scannánóir mic, Foreman féin, ag póirseáil tríd an stór mór sean-footage a bhí fágtha ina dhiaidh ag a athair, mar shúil is go gcuirfeadh sé aithne níos fearr air. Gan ach mearfhéachaintí den tuismitheoir deoranta  - go himeallach – a scáth, scáil agus glór. Radharc an cheamara dírithe ar íomhánna suaite ó chroílár na streachailte míleata polaitiúla i gcoinne rialtas na Breataine ar shráideanna Bhéal Feirste sna 70dí. B’é a athair Arthur McCraig, cléach Gael-Mheiriceánach, a dhein The Patriot Game (1979), i gcomhpháirt le baill den PIRA, clár faisnéise a dheineann argóint láidir thar ceann ghluaiseacht na bPoblachtánach le radharcanna d’óglaigh ar an dtalamh agus brúidiúlacht na bpóilíní, agallaimh le gníomhaithe polaitiúla is saoránaigh ar an taobh istigh, agus cáineadh neamhbhalbh ar an daoirse a lean an chríochdheighilt - seasamh a bhí coiscthe ag meáin na Ríochta Aontaithe agus an tSaorstáit, dá chomhartha dhuit gurb í an Fhrainc atá luaite leis mar thír bhunaidh. Ní raibh an tarna dul suas ag Foreman ach dul i ngleic le hoidhreacht an chogaidh trí pheirspictíocht duine óig as Baile Átha Cliath, an fhaid idir é agus an choimhlint ar comhrian leis an bhfaid idir an t-athair agus a chlann, ach iad ceangailte go docht i snaidhm na scárúna san. Ba mhaith an mhaise do Mubi The Patriot Game (1979) a chur ar taispeáint i gcomhuain le The Image You Missed (2018), gur suaithinsí arís an dá scannán, atá go hiomlán difriúil, a fheiscint le hais a chéile, go bhfuil léamh éagsúil ar fad le déanamh orthu agus comhthéacs suibiachtúil na stiúrthóirí ar eolas agat.

Ach fé mar a léirigh oidhe Fandor, tá baol ann gur mairg iontaoibh a bheith againn as na dáileoirí seo go fadtéarmach agus go mbeidh ormsa filleadh, ar ais nó ar éigean, ar mholtaí an leabharlannaí ionúin. Ach is beag scannán atá fiscithe agam ar Mubi go nuige seo ná go bhfuaireas radharc suaithinseach ann ar dhearcadh agus ar fhís an duine agus mholfainnse d’éinne teilgeoir a cheannach, braillín bán a chrochadh suas, agus oíche scannán a chaitheamh go suáilceach sa tigh.

Ó bhí Song of Granite (2017) acu cheana féin, is beag an baol ná go mbeidh an chéad mhórsaothar eile i scannánaíocht na nGael, Arracht (2020) ar siúl luath nó mall. Agus sinn teanntaithe ag an víreas corónach, mo léan, ba dhóigh leat ná fuil dul as ach fuireach leis an scáileán beag chun an ceann san a fheiscint leis.

Close
Close