An fáth nach Caitliceach mé a thuilleadh

Katie McGreal

Tógadh i mo Chaitliceach mé agus chreid mé go láidir sa reiligiún go dtí go raibh mé luath sna 20idí.

Tá mé 34 bliana anois agus ní Caitliceach mé. Ach tá creideamh láidir agam san Ollchruinne féin, sna déithe éagsúla agus sa dúlra. Tá mé an-spioradálta.

Fiú agus mé óg, chreid mé i rud éigin a bhí níos mó ná mé, bhí mé ag iarraidh creidiúint i rud éigin eile agus, dá mba rud é go raibh rudaí difriúil taobh istigh den eaglais Chaitliceach, déarfainn go mbeinn go fóill i mo bhall di.

Tá a fhios ag an domhan is a mháthair go bhfuil laghdú mór tagtha ar líon na ndaoine a théann ar aifreann, go háirithe i measc daoine faoi 50 bliain d’aois nó mar sin.

Mar a deirim, is duine spioradálta mé agus bíonn cleachtais agam dá réir. Oibrím leis an ngealach, labhraím leis na haingil timpeall orm, úsáidim luascadán agus cártaí aingil le cinntí a dhéanamh. Ní sin mar a bhíodh áfach, bhínn i mo Chaitliceach déanta.

Nuair a cailleadh mo sheanaintín, bhí mé 17 mbliana d’aois agus chreid mé ag an am gurb é an t-aon bhealach ar tháinig mé tríd mar gur chreid mé go bhfeicfinn arís í ar neamh. An cineál neimhe a mhínigh an eaglais Chaitliceach dom. Neamh atá lán le daoine a rinne na rudaí a bhí an eaglais ag iarraidh orthu a dhéanamh, ní i gcónaí na rudaí is fearr dá gcomharsana nó dá dteaghlach, ach an rud is fearr agus ‘ceart’ ó thaobh na heaglaise de.

Ba é an eaglais Chaitliceach an t-aon rud a bhí ann ó thaobh creidimh nó spioradáltachta de agus mé óg. De réir mar a d’fhás mé aníos thuig mé go raibh go leor gnéithe den eaglais nár thaitin liom. Dúirt múinteoir scoile liom agus mé i rang a cúig gur dhroch-Chaithleach a bhí ionam má cheistigh mé aon rud faoi. Stop mé de bheith ag ceistiú, cé go raibh go leor ceisteanna agam. Ní fhaca mé áit do mhná san eaglais agus chreid mé gur dhrochdhuine mé muna ndeachaidh mé ar aifreann gach uile sheachtain.

Nuair a bhí mé 20 bliain d’aois, cailleadh mo sheanmháthair agus mé thar lear sa Chóiré Theas. Ní raibh a fhios agam go raibh Granny básaithe go dtí i ndiaidh na sochraide. Agus mé i dtír eachtrannach nach raibh cosúil leis an mbaile ar chor ar bith, thiontaigh mé i dtreo an t-aon rud a bhí mar an gcéanna ansin agus sa bhaile: an t-aifreann. D’fhreastail mé ar aifreann oíche Shathairn éigin i mo bhaile beag i ndeisceart na Cóiré Theas. Níor thuig mé céard a bhí siad ag rá ach thuig mé céard a bhí ag tarlú, agus chomh luath is a sheas an sagart ar an altóir, thosaigh mé ag caoineadh. Shamhlaigh mé go raibh sochraid Granny ag tarlú os mo chomhair.

Chabhraigh an ‘tsochraid’ seo go mór liom agus le linn na bliana sin sa Chóiré Theas d’fhreastáil mé ar an aifreann go réasúnta minic. Bhí sé go hálainn píosa den bhaile a bheith liom agus mé chomh fada sin ar shiúl uaidh.

Thosaigh mé ag cleachtaidh an aireachais agus mé i lár mo 20idí agus as sin, d’fhoghlaim mé faoi ‘manifesting’ agus faoin náire ar fad a cuireadh orm agus mé óg, an-chuid den náire sin ón eaglais. D’fhoghlaim mé faoi Pheaca an tSinsir den chéad uair agus fuair mé amach go gcreideann an eaglais go ndearna mé peaca fiú sular raibh mé in ann labhairt. Leis seo, an ganntanas ban san eaglais agus na scéalta ar fad a tháinig amach faoi dhrochiompar sagart agus an cur faoi cheilt a bhí ar siúl, d’iompaigh mé ón eaglais.

Ní dhearna mé aon rud ar leith. Níor dúirt mé aon rud le héinne. Níor tharla ach gur thuig mé féin nach Caitliceach mé agus níor ghoill sé orm. Is cuimhin liom ag am eile, ghoill sé orm nuair a smaoinigh mé ar gan a bheith i mo Chaitliceach a thuileadh ach faoin am seo bhí eolas agam ar chleachtais spioradálta eile, bhí rudaí difriúla agam lena gcur in áit na heaglaise.

Chuir na cleachtais seo gliondar orm, rinne siad ceiliúradh orm mar dhuine agus is é an teachtaireacht a bhaineann leo ná gur duine maith mé agus go bhfuil grá tuillte agam díreach toisc go bhfuil mé anseo agus beo, ní toisc go bhfreastalaím ar aifreann gach seachtain, nó toisc go nglacaim le cleachtais na heaglaise gan iad a cheistiú. Tá grá agus cion tuillte agam díreach toisc go bhfuil sé tuillte agam agus sin a bhfuil de.

Is féidir le gach duine cibé rud is mian leo a chreidiúint ach bheadh ar go leor leor rudaí faoin eaglais athrú - idir theagasc, iompar agus imeachtaí - go dtí go rachainn féin ar ais cóngarach di.

Close
Close