An ciníochas 'tagtha abhaile' go Sasana

Michelle Nic Pháidín

Tá sé tagtha abhaile, ceart go leor. Is é sin an teachtaireacht nach bhfuil múineadh muice ar chuid mhór de lucht tacaíochta an tsacair i Sasana.

De bharr nár éirigh le Bukayo Saka, Marcus Rashford agus Jadon Sancho lena gcuid ciceanna pionóis sna smeachanna deireanacha sa mhórchluiche i gcoinne na hIodáile breis agus seachtain ó shin, tugadh drochbhail orthu ar líne. 

Is é Bukayo Sako - 19, an duine is óige ar fhoireann Shasana - a chaith an cic a thug an bua d’fhoireann na hIodáile. Thug a lucht tacaíochta féin íde don deagóir ar na meáin shóisialta. Is cinnte go raibh an fear óg nach bhfuil ina fhear go fóill goilliúnach faoin mhéid a tharla ar an pháirc gan bheith ag caint ar an aisfhreagra a fuair sé féin agus a chuid cairde a imríonn leis.

Níor thóg cuid de lucht tacaíochta Shasana sin san áireamh nuair a mhaslaigh siad é ar líne. I ndáiríre, d’iompair an lucht tacaíochta féin ina scata brútaí ach cad é an mbeifeá ag súil leis ó mhuc ach gnúscht?

Rinne na tacadóirí sin iad féin náire a tharraingt ar an tír. Dá mbeadh tír ar bith eile ar dhroim an domhain ag iarraidh cic sa tóin a thabhairt do Shasana ní bheadh aon ghá leis. Tá sé déanta acu féin. Jab déanta agus ní fhéadfá á shárú.

Is cinnte go bhfuil go leor daoine sásta faoi seo in Éirinn. Léiriú do gach duine atá ann go bhfuil muid inár gcónaí leis na cianta taobh leis na comharsana béal dorais ón tromluí is measa, agus gur fhulaing muid go daor as.

Is léir go bhfuil fadhb níos doimhne ann áfach. Dá mbeadh páistí scoile á n-iompar féin ar an bhealach seo bheadh iarmhairtí ann. Bheadh siad díbeartha ó theach na scoile - an ruaig curtha orthu. Bheadh litreacha curtha ‘na bhaile chuig a gcuid tuismitheoirí agus seans maith go mbeadh oibrí sóisialta ag tarraingt ar an tigh le fiosrúchán a dhéanamh cárbh as ar eascair an dúil seo san fhoréigean. 

D’ainneoin go bhfuil seo intuigthe do mhéid áirithe daoine sa tsaol - is cinnte go bhfuil cuid de na Sasanaigh a sheol teachtaireachtaí mailíseacha chuig na himreoirí ag siúl thart fá Londain agus cathracha eile agus gan cliú acu go ndearna siad faic mícheart agus, níos mó ná sin, den bharúil go raibh na focail chruálacha a d’úsáid siad cruinn agus go raibh sé de cheart acu iad a úsáid.

Tá na húdaráis spóirt ar mire leo. Cad chuige nach mbeadh?

Táthar a rá go bhfuil seans ann nach mbeidh cead ag an lucht tacaíochta s’acu dul chuig cluiche nó dhó. Tá fiosrúchán ar siúl agus é ráite go mbeidh impleachtaí ann dóibh seo a bhí ciníoch ar na meáin shóisialta. Ní leor é. 

Níor chóir cead a bheith ag na daoine seo dul ar na meáin shóisialta ar feadh achar fada. Níl sé ródheacair sin a dhéanamh. Nuair a aimsíonn na húdaráis cé hiad na daoine ba mheasa a d’iompar iad féin le linn, i rith agus i ndiaidh an chluiche, ba chóir rogha a thabhairt do na dóibh: freastal ar ranganna a thabharfadh deis dóibh foghlaim faoi impleachtaí a nósmhaireachta, nó ráithe a chaitheadh i bpríosún. 

Bhí fadhb riamh ag na Sasanaigh le dream ar leith a bhíonn ag leanstan cúrsaí sacair agus mar sin ba cheart fios a bheith acu go mbeadh seans ard ann go mbeadh deacrachtaí ann le linn an chluiche seo. B'fhéidir go smaoineodh údaráis sacair an domhain fosta gurbh fhearr gan cead a tabhairt a leithéid de chluichí mór a eagrú i Sasana ar feadh i bhfad.

Dá mbeadh imreoir ar an pháirc i ndiaidh imreoir eile a mhaslú go ciníoch chuirfí den pháirc iad, mar sin cad chuige nach dtugtar an fheadóg dheireanach agus méar san aer don lucht tacaíochta ciníoch? Tá sé thar am, i bhfad thar am sin a dhéanamh.

Close
Close