Seal leis an tSeiricis

Seaghan Mac an tSionnaigh

Bhí sé de phribhléid agam le déanaí teacht suas le ball den náisiún Seiricíoch, a bhfuil Mikaela Murphy mar ainm uirthi.

Tharla le déanaí gur cuireadh an tSeiricis i measc teangacha mar an Ghaeilge, an Tuircis agus an Phortaingéilis agus teangacha eile arís nach iad is féidir a fhoghlaim tríd an gcóras piartheagascóireachta atá deartha ag an Center for Study of Languages and Cultures in Ollscoil Notre Dame.  

Córas fónta is ea é a chuireann mic léinn i dteagmháil lena chéile chun go roinnfí eolas teangeolaíoch eatarthu. Is í Mikaela piar-theagascóir na Seiricise.

T-léine lus na gréine á caitheamh aici: ᏅᏓᎠᏍᏓᏩᏗᏙᎯ an focal Seiricise ar 'lus na gréine'!


Ar tinneal a bhíos agus mé ar tí an chéad chúpla focal Seiricise a fhoghlaim – teanga dhúchais stát Georgia agus na gCarolinas a díbríodh sa 19ú haois siar go dtí Oklahoma mar a labhraítear go dúchasach go fóill í.

ᎣᏏᏲ (ósaoidhiú) a deirtear mar chineál “heileo”, ach dúradh go gairid i ndiaidh an méid sin a chur de ghleanmheabhair nach minic beannachtaí foirmeálta dá leithéid a úsáid sa tSeiricis.

Déarfainn gur chuiris suim sa chóras scríbhneoireachta suaithinseach atá in úsáid acu – ní aibítir le ceart é ach rud éagsúil go dtugtar ‘siollabra’ i nGaeilge air.

Ba é Sequoyah a chum sa 19 haois í, de réir dealraimh!

D’fhoghlaimíos ina dhiaidh sin focail a chuireann dathanna éagsúla in iúl; ᎩᎦᎨ (gí-ga-gí = dearg), ᏌᎪᏂᎨ (sachón-aige = gorm), agus ᏓᎶᏂᎨ (dalón-aige = buí), sinn beirt ag teacht ar tuiscint obann go raibh Ꭸ mar iarmhír le fáil sna trí cinn díobh.

Tabharfar fé ndear gur cuireadh mearnasc ar fáil go dtí taifeadadh fuaime dos na focail sin, agus ní theastaíonn uaim a bheith “Gael-lárnach”, ach m’anam go bhfuil cosúlacht idir prosóid na Seiricise binne agus Gaedhlig álainn Uladh!

Do mhadra a thagraíonn ᎩᏟ (gí-cle) agus dá chéile comhraic tí a thagraíonn ᏪᏌ (mhao-sa = cat) – dhá fhocal atá chomh héagsúil lena chéile go gcuirfidís an difríocht ó thaobh pearsantachta idir an dá ainmhí sin in iúl.

Péire eile ainmhithe nach ródhealraitheach lena chéile iad ná an eilifint agus an féileacán, agus nach ait an rud é ach is é an t-aon fhocal amháin a chuireann síos sa tSeiricis orthu: ᎧᎹᎹ (camáma).

Ba é an míniú samhlaíoch a thug Mikaela ar an gcomhtharlúint úd ná crut an fhéileacáin a bheith ar chluasa na heilifinte os comhair a chéile.

Céim riachtanach i sealbhú aon teangan atá sna huimhreacha aníos go dtí uimhir a deich.

Chuireas suim ar leith sna stopanna glotais a chuala i roinnt des na huimhreacha. Ní chuirtear in iúl go sonrach i siollabra na Seiricise iad, ach bhíodar soiléir le clos agus Mikaela á rá amach dom.

Is amhlaidh a chuireadar Béarla Chill Chainnigh Theas i gcuimhne dhom – is minic ná deireann muintir Chill Chainnigh an ‘t’ sa bhfocal ‘Saturday’ ná sa bhfocal ‘letter’, mar shampla, ach stop glotais a bheith ina n-áit acu. Sampla iontach de stopanna glotais na Seicise is ea an focal ar uimhir a dó: ᏔᎵ (tá-ithlí).

Agus níor chuamar in aice le córas na ndéaga in aon chor sa tSeiricis, cé gur déagóir í an piartheagascóir féin, gan í ach naoi mbliana déag d’aois.

Buaiteoir scoláireachta mórghradaim in Notre Dame agus céimí deireanach amach as meánscoil chónaithe Indiach is ea Mikaela.

Bhí sé mar thuairisc aici dhom gur minic na cainteoirí dúchais Seiricise ag labhairt Béarla amháin ar scoil lena chéile. Seanscéal agus meirg air!

Bhí an méid sin foghlamtha agam agus é anois in am ᏗᏓᏲᎵᎲᏛᎦᎴᏂᏍᎬ (dí-dáidheo-lítheán-dágal-éine-sceach = slán) a rá lena chéile.

Thugas fén mbaile agus rún agam dul ag méiseáil dom féin le feidhmchlár foghlamtha Mango.

Aip is ea Mango ar dhéanamh Duolingo ach amháin nach saor in aisce ná é atá sé – $199.99 USD sa mhí a chosnóidh ballraíocht bhliantúil ort mura mac léinn de chuid Notre Dame tú.

Murab ionann agus Duolingo, áfach, tá eagrán Seiricise déanta ag Mango dá chomhéadan foghlamtha, agus féadfaidh mise da bhrí sin a bheith ag cur le mo chuid eolais ar an teanga shuimiúil amach anseo agus mé sa bhaile in Éirinn.

Braithim gur abairtí níos réadúla a chuireann Mango ar fáil i gcomparáid le Duolingo a radann abairtí mí-éifeachtacha dála “tá ocras ar an Ungáir” leis an bhfoghlaimeoir.

Is é an cur chuige a bhaineann le Mango ná frásaí a léamh agus a chlos arís agus arís eile.

Féadann an foghlaimeoir taifeadtaí a dhéanamh de féin tríd an gcomhéadan leis agus iad a chur i mionchomparáid an uair sin le sampla ó chainteoir dúchais.

Roinntear na frásaí i ranna beaga úsáideacha mar “getting to know you”, agus is minic luaschártaí ag cur eolas tábhachtach cultúrtha ar fáil idir na ceachtanna teangan.

Agus tá an Ghaeilge leis i measc na roghanna teanga atá acu!

Is é an t-aon dá locht a bheadh agam ar Mango i ndáiríre ná é a bheith daor agus é a dhul chun leadráin tar éis tamaill gona chuid athráite sna modhanna teagaisc.

Ach críochnóidh mé an cúrsa Seiricise s’acu mar sin féin!

Ár mbuíochas le Valentina Kurenshchikova as an ghrianghraf a sholáthar dúinn.  

Close
Close