Aire a thabhairt dár meabhairshláinte ag tús na bliana

Katie McGreal


Is am deacair den bhliain é seo do go leor againn. Tá an Nollaig thart, tá an aimsir gránna agus na laethanta gearr agus, do roinnt againn ar aon nós, níl mórán fágtha sa chuntas bainc ach oiread!

Anuas air sin ar fad, cuireann comhlachtaí, fógraí, na meáin shóisialta agus eile níos mó brú orainn rudaí nua a thosú nó rudaí a dhéanamh le muid féin a fheabhsú.

Anseo thíos tá cúpla nod a chabhróidh leat a chinntiú go bhfuil tú ag tabhairt aire do do mheabhairshláinte le linn na míosa deacra seo:

1) Faigh aer úr gach lá trí bheith ag dul amach faoin spéir. Bhí an chéad Luan ar ais ag obair ag tús mhí Eanáir an-deacair domsa agus do dhaoine eile freisin, tá mé cinnte. Ach dá mba rud é go ndeachaigh mé amach an chéad rud ar maidin, mar a bhí mé beartaithe agam, mhothaínn i bhfad níos fearr. Tugann an t-aer úr fuinneamh breise duit agus cuireann sé i gcuimhne duit go bhfuil tú go fóill beo - go háirithe ag an am seo bliana leis an mbáisteach, na clocha sneachta agus an ghaoth! Geallaim duit go mothóidh tú níos fearr i ndiaidh siúlóide, fiú má tá sé fliuch agus gránna taobh amuigh. Beidh tú in ann na héadaí a athrú nuair a thagann tú ar ais!

2) Ól go leor uisce. Tá sé éasca dearmad a dhéanamh ar uisce a ól ach tá an corp déanta as uisce thar aon rud eile agus mar sin tá sé an-tábhachtach go leor uisce a ól. Má bhíonn sé deacair duit uisce a ól leis féin cuir píosaí beaga torthaí isteach ann. Cabhróidh sé leat má tá buidéal agat is féidir leat a iompar thart leat don lá agus ansin beidh a fhios agat cé mhéid uisce atá ólta agat. Má mhothaíonn do chorp níos sláintiúla mothóidh d'intinn níos sásta agus níos sláintiúla freisin.

3) Bog gach lá. Déan aclaíocht nó téigh ag siúl nó déan cúpla síneadh ióga gach uile lá - fiú ar feadh 10 nóiméad, déanfaidh sé maitheas do d’intinn agus do do chorp. Caitheann an chuid is mó againn níos mó ama inár suí ná ag déanamh aon rud eile agus deirtear anois go bhfuil an suí síos chomh dona céanna le tobac a chaitheamh. Más rud é gur féidir leat 10 nóiméad a chaitheamh ag damhsa thart ar an gcistin nó ag siúl go sciobtha taobh amuigh, mothóidh tú maitheas agus feabhas i d’intinn.

4) Cleachtaigh aireachas. Ní féidir liom liosta mar seo a chur le chéile gan an cleachtas seo a lua. Molaim do gach duine aireachas a thriail agus, má tá tú ag tosú amach leis, molaim duit freastal ar rang. Ní rud éasca é an t-aireachas mar sin má bhíonn daoine eile thart ort i rang beidh níos mó seans ann go leanfaidh tú leis. Cé go bhfuil an t-aireachas deacair, go háirithe nuair atá tú ag tosú, is fiú go mór é a dhéanamh. Cabhraíonn sé chun strus agus buaireamh a laghdú, is féidir leis an codladh a fheabhsú agus cuireann tú aithne níos fearr ort féin dá réir. Má bhíonn duine amháin sa teach ag cleachtadh aireachais mothaíonn an chuid eile den teach é. Tá go leor físeán ar YouTube nó ar an aip Insight Timer a chabhróidh leat, nó féadfaidh tú scéal a chur chugamsa agus is féidir liomsa cabhrú leat tús a chur le do chleachtadh freisin.



5) Nuair a labhraíonn tú leat féin samhlaigh go bhfuil tú ag labhairt leis an gcara is fearr agat. De ghnáth bíonn muid an-chrua orainn féin, níos crua ná a bheadh muid ar chara agus, mar sin de, an mhí seo, gach uair a chloiseann tú tú féin ag rá rudaí nach bhfuil deas leat féin nó má tá tú ag streachailt, smaoinigh ar céard a dhéarfá le do chara is fearr dá mba rud é go ndeachaigh siad chugat leis an bhfadhb atá i gceist. Bíonn muid i bhfad níos deise le daoine eile ná a bhíonn muid linn féin agus an mhí seo go háirithe tá mé ag iarraidh go mbeidh tú cineálta leat féin. Tá tú ag déanamh do dhíchill agus sin an méid ar féidir leat a dhéanamh!

Close
Close