Todhchaí na Gaelscolaíochta idir chamáin i gCarn Tóchair

Todhchaí na Gaelscolaíochta idir chamáin i gCarn Tóchair

Ba i gCarn Tóchair, Contae Dhoire, a eagraíodh comhdháil bhliaintúil Chomhairle na Gaelscolaíochta ar na mallaibh, áit a ndearnadh plé, anailís agus scagadh ar thodhchaí na hearnála, cothú pobail Ghaeilge agus dúshláin an Ghaeloideachais.

Thug Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta, Liam Ó Flannagáin, le fios go bhfuil 68 aonad, idir naíscoileanna, bhunscoileanna agus mhéanscoileanna sna Sé Chontae, rud a fhágann breis agus 5,000 páiste cláraithe san earnáil ó thuaidh.

Tugadh le fios fosta go bhfuil 33 páiste i ndiaidh iarratas a dhéanamh chuig Gaelcholáiste Dhoire don Fhómhar seo chugainn, rud a fhágfaidh 49 cláraithe sa scoil i dtréimhse bliana.

Seo achoimre den scagadh, anailís agus plé a rinneadh ag comhdháil sa Charn…

Comhdháil Chomhairle na Gaelscolaíochta

Seachtain na Gaeilge ina seachtain iontach don Ghaeloideachas – Conradh na Gaeilge

Fuair Bunscoil an tSléibhe Dhuibh i mBaile Uí Mhurchú, Co. Aontroma, tuairisc barr feabhais cigireachta ón Chigireacht Oideachais agus Oiliúna (COT). Is forbairt shuntasach eile don earnáil é an fógra go bhfuil figiúirí cláraithe tar éis dúbailt do Ghaelcholáiste Dhoire, an dara mheánscoil lánGhaeilge neamhspleách ó thuaidh.

Ar a bharr sin, cuireadh dhá bhunscoil lánGhaeilge – Gaelscoil Aodha Rua i nDún Geanainn, Co. Thír Eoghain, agus Gaelscoil Éanna ar an Ghleann Ghormlaith, Co. Aontroma – ar liosta caipitil na Roinne Oideachais de bharr fhás agus fhorbairt ghasta na scoileanna.

“Is ábhar ceiliúrtha iad an dá scéal iontacha seo i dtaca le hoscailt oifigiúil Ghaelcholáiste Dhoire agus dea-thuairisc chigireachta Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh," arsa Ciarán Mac Giolla Bhéin, Conradh na Gaeilge.

Lean Mac Giolla Bhéin…“Bhí bearna soiléir sa réimse iar-bhunscolaíochta le fada an lá agus tá pobal Dheisceart Dhoire i ndiaidh bunchloch láidir a leagan síos do thodhchaí na Meánscolaíochta Gaeilge ó thuaidh. Léiríonn figiúir iontrála na scoile don bhliain seo chugainn go bhfuil an pobal i gcoitinne ag glacadh go fonnmhar leis an fhorbairt seo agus go bhfuil dúshraith láidir leagtha síos don athbheochan teanga sa cheantar.”

Close
Close