'Rud déistineach thar arrachtach' roghnaithe ag muintir na Fraince

Eoin Ó Murchú

Rogha idir rud éigin déistineach nó arrachtach a bhí sa rogha idir Macron is Le Pen.

Sin é mar a chuir duine den eite chlé síos ar an mbabhta deiridh de thoghchán uachtaránachta na Fraince inné.

Mar a bhíothas ag súil leis, bhí an bua sa deireadh ag Emmanuel Macron, díograiseoir na hEorpa, le móramh dearfach, ach cé gur thug an bua sin sásamh mór do lucht an Aontais Eorpaigh bhí comharthaí buartha ann ag an am céanna.

Arís, mar a bhíothas ag súil leis, bhí líon na vótóirí síos go mór i gcomparáid leis na trí thoghchán roimhe, agus mhaígh 60% de lucht tacaíochta Macron gur thug siad vóta don iar-bhaincéir chun Le Pen a choinneáil amach.

Tá fadhb mhór eile ag Macron ar ndóigh.

Is é sin nach bhfuil páirtí ar bith aige le tacaíocht a thabhairt dó sa bparlaimint.

Tá móramh ansin ag na sean-pháirtithe, na Sóisialaigh agus na Poblachtánaigh, agus tá gach cosúlacht ann go mbeidh ar Mhacron socrú a dhéanamh leis na sean-pháirtithe cé gur dócha go bhfuil tubaiste in ann don Pháirtí Sóisialach sna toghcháin pharlaiminte seo.

Tá fórsaí na hEorpa i ndiaidh osna mhór faoisimh a ligean faoin scéal seo, ach vótáil beagnach 50% de na vótóirí ar son páirtithe frith-Eorpacha sa gcéad bhabhta.

Bhí ar Mhacron féin labhairt faoi athchóiriú iomlán a dhéanamh ar an Aontas Eorpach nó go dtarraingeoidh an Fhrainc as!

Ní chreideann éinne go ndéanfadh sé a leithéid, ach léiríonn an ráiteas an brú atá air agus ar pholaitíocht na Fraince.

Cén cineál athchóirithe atá uaidh Mhacron mar sin?

Níor mhínigh sé an freagra ach tugann gach eolas faoi le fios go mbeidh sé ag iarraidh dlúthpháirtíocht níos iomláine a chothú san Eoraip, ag tosú le hAontas Baincéireachta.

Tá leisce ar na Gearmánaigh, ámh, dul ar aghaidh leis sin ag an bpointe seo mar tá faitíos orthu go gcuirfidh na heacnamaíochtaí laga a bhfiacha bainc ar an Aontas Baincéireachta, is é sin ar an nGearmáin.

Agus le ciall a thabhairt don phróiseas teastaíonn ó Mhacron córas amháin cánach a bhunú san Aontas.

Ní thaitneoidh a leithéid sin le rialtas Bhaile Átha Cliath cé gur dóichí nach mbeidh an misneach acu aon troid fhíochmhar a dhéanamh ina choinne sa bhfadtéarma.

Bíonn Baile Átha Cliath ag maíomh i gcónaí gurb é an córas íseal cháin chorporáideach atá mar bhunchloch ag an bhforbairt eacnamúil sna 26 Chontae.

Agus ansin tá an eite chlé ann.

Tá an Páirtí Sóisialach nach mór scriosta anois mar gheall ar an gcaoi gur thréig Francois Hollande leas na haicme oibre, faoi mar a d’fhulaing Páirtí an Lucht Oibre ó dheas tubaiste san olltoghchán ó dheas.

Ach tá fórsaí na clé ag teacht le chéile taobh thiar de Jean-Luc Melenchon, iarrthóir a raibh tacaíocht aige ón bPáirtí Cumannach, ó shóisialaigh a dhiúltaigh do pháirtí Hollande, agus ó cheardchumannaigh.

Tá sé i gceist ag an gcomhghuaillíocht sin, a ghnóthaigh 19.5% sa gcéad bhabhta uachtaránachta, feachtas aicmeach a spreagadh in aghaidh dhéine an Aontais Eorpaigh agus in aghaidh dhomhandú an rachmais atá mar bhunchloch ag Macron.

Beidh le feiceáil sna toghcháin phairliminte agus sna feachtais eacnamaíochta in aghaidh an rialtais an bhfuil bunús ceart leis an dóchas atá le tabhairt faoi ndeara ar an eite chlé.

Braitheann todhchaí an Aontais Eorpaigh air seo: an mbeidh an Ghearmáin agus an Fhrainc in ann aontú faoi pholasaí a laghdóidh an t-ualach ar an aicme oibre ar fud na hEorpa (is atá ag cothú na leibhéal tacaíochta a bhí le feiceáil ag Marine Le Pen)?

Is ar éigean go mbeadh an Ghearmain sásta faoi láthair.

Agus má theipeann ar Mhacron – agus tá deacrachtaí móra aige gan pháirtí dá chuid féin sa bpairlimint is gan tuiscint ón nGearmáin go bhfuil leasú polasaí riachtanach – beidh Le Pen ag fanacht leis arís in 2022, agus an eite chlé ar a chuid sála an t-am ar fad.

Mar a tharlaíonn freisin tá plean ag an gCoimisiún maidir le hathchóiriú ar an Aontas, gearradh siar nó dul ar aghaidh faoi phras.

Ach ná cuir ceist faoi cá háit a seasann rialtas na hÉireann i dtaobh na n-athchóirithe seo, mar ní phléitear an scéal beag nó mór ó dheas.

Agus ní léir dom go dtuigeann éinne i Stormont go bhfuil a leithéid de dhíospóireacht ar siúl ach an oiread.

Níl aon ról againn, is cosúil, ach seasamh ar an gclaí agus a bheith ag súil go dtiocfaidh rud éigin maith as.

Ní comhartha maith é sin.

Close
Close