Eoin Ó Murchú
Ní féidir an dá thrá a fhreastal, a deir an seanfhocal Gaeilge, ach cén chaoi a bhfuil ag éirí le Sinn Féin anois agus iad ag iarraidh freastal ar pholaitíocht an Tuaiscirt agus ar pholaitíocht an Deiscirt ag an am céanna?
Ní hé go dtagann a spriocanna don dá thaobh den tír salach ar a chéile: Éire aontaithe a bhfuil sciar coiteann de shaibhreas na tíre ag chuile dhuine sa dá thaobh atá uathu.
Ach, mar is gá, tá tosaíochtaí difriúla ann, agus ní bhíonn sé éasca i gcónaí iad a réiteach le chéile.
Tá athaontú na tíre níos tábhachtaí ó thuaidh, mar níor léirigh na páirtithe Aontachtacha, nó an pobal Aontachtach ach an oiread, go fóill go bhfuil siad sásta comhurraim an dá phobail a aithint is a bheith mar chomhthéacs polasaí is féidhmiú riaracháin.
Tá comhionannas cearta lárnach mar sin sna cainteanna reatha, agus Acht Gaeilge mar shiombail bhunúsach den chomhionannas cearta sin.
Botún ollmhor atá dhá dhéanamh ag na hAontachtaithe nach bhfuil siad sásta rud ar bith a ghéilleadh maidir leis na pointí seo.
Sa bhfad-téarma cinnte imeoidh an móramh atá acu faoi láthair, agus bheadh sé ciallmhar réiteach a aimsiú a shásódh náisiúnaithe ag pointe a bhfuil lámh láidir i gcónaí ag na hAontachtaithe.
Mar níl an oiread sin measa ag an bpobal náisiúnach ó thuaidh ar an Deisceart agus ar Bhunaíocht an stáit ó dheas.
Airíonn siad tréigthe is díolta amach ag na Deisceartaigh.
Ach toisc go mbíonn na hAontachtaithe diongbháilte i gcoinne comhurraim a ghéilleadh, caithfidh na náisiúnaithe a ndeistin don Deisceart a chur ar leataobh agus tús áite a dhéanamh de Athaontú na tíre.
Tá go maith, agus níl aon dabht nach féidir na ceisteanna comhionannais a fhágáil ar an méar fhada.
Ach creidimse go bhfuil botún mór déanta ag Sinn Féin san iarracht le leas a bhaint as Breatimeacht le clár athaontaithe a dhéanamh lárnach.
Aithris atá ann ar ndóigh ar straitéis Phairtí Náisiúnta na hAlban.
Ba é an tuairim a bhí taobh thiar dá bpolasáí siúd ná seo: dá vótálfadh Sasana ar son Breatimeachta agus Albain ina choinne, bheadh sé soiléir nach bhféadfaí toil na hAlban a chur i bhfeidhm ach le neamhspleáchas.
Níl sé á oibriu amach mar sin ar fad, ach b’shin an straitéis a bhí i gceist.
Sea, vótail móramh sna Sé Chontae i gcoinne Breatimeachta, ach níl fianaise dá laghad ann go mb'fhearr le hAontachtóir ar bith dul isteach in Éirinn Aontaithe ar mhaithe le fanacht san Aontas Eorpach.
Agus sin é an deacracht ó dheas.
Ba é raison d’etre Shinn Féin i gcónaí gur sheas siad ar son stát neamhspleách don tír ar fad.
Mar sin chuir an páirtí i gcoinne dul isteach sa gComhargadh Eorpach ar an gcéad dul síos, agus chuir siad i gcoinne gach céim a tógadh i dtreo stát aontaithe Eorpach a chruthú as.
Ba é an tábhacht a bhain le Breatimeacht ná gur oscail sé an seans an Fiontar Eorpach seo – stát aontaithe na hEorpa – a lagú agus ballraíocht san eagras a shrianadh mar chomhoibriú eacnamaíochta is trádála.
Ach tá cuid mhaith den chaint ó thuaidh ag cur le fios gur sprioc ann féin é fanacht san Aontas Eorpach.
Tá Poblachtánaigh ó dheas sásta seans a thabhairt don phlean i dtaobh athaontú, ach tá bunús maith acu i measc daoine atá aimhreasach faoin Aontas Eorpach is tá cuid den bhunús sin i mbaol mar gheall ar an seasamh fabhrach atá ag Sinn Féin – mar a fheictear anois é – ar son an Aontais Eorpaigh.
Rinne Gerry Adams iarracht an páirtí a thabhairt ar ais go talamh níos compordaí ó dheas nuair a labhair sé sa Dáil faoi dhearcadh Shinn Féin i leith an Aontais.
Shéan sé go raibh Sinn Féin ag glacadh leis an bhFiontar Eorpach, agus liostáil sé na heasnaimh dhaonlathacha atá san Aontas – déine, cailliúint féincheannais, nua-liobrálachas agus domhandú na heacnamaíochta.
Thaitin an chaint sin go mór le Poblachtánaigh ó dheas, ach tagann sé salach ar chuid mhaith dá bhfuil á rá faoin Aontas Eorpach ó thuaidh.
Tá na hantoiscigh ar chlé réidh le míshástacht ar bith i measc lucht tacaíochta Shinn Féin ó dheas a bhailiú dóibh féin tráth go bhfuil sé tábhachtach go gcuirfeadh an páirtí é féin chun cinn mar cheann feadhna an chlé ar mhaithe le Éirinn Nua a thógáil.
Beidh se le feiceáil cén chaoi a réiteóidh an páirtí an dá thosaíocht seo le chéile, ach ní feidir a shéanadh ach go bhfuil fadhb mhór ann, is mura ndéileálfaí i gceart leis d’fhéadfadh stop a chur le fás an pháirtí agus an deis atá oscailte ag mífheidhmiú na polaitíochta ó dheas a chailliúint.