Mná Tí, a scéal - Brid Sweeney

Is é an t-am seo den bhliain arís nuair a thugann na mílte scoláire aghaidh ar an Ghaeltacht chun cúpla seachtain a chaitheamh ag foghlaim na Gaeilge agus chun go leor craic agus spraoi bheith acu.

Bhí sraith againn anuraidh, ‘Cuimhní Gaeltachta’, ach anois is é cuimhní na mban tí atá i gceist. Chuaigh Meon Eile go Tír Chonaill le héisteacht lena scéalta, ó Rann na Feirste go Machaire Rabhartaigh agus ó Loch an Iúir go Gleann Cholm Cille.

Inniu labhraíonn muid le Brid Sweeney as Loch an Iúir atá ina bean tí le 20 bliain anois. Tá croí Bhríd istigh sna scoláirí atá ag teacht go Loch an Iúir gach bliain. Chaith Bríd go leor ama leo nuair a bhí sí féin óg agus bhí sí i gcónaí ag iarraidh a bheith ina bean tí.

Mná Tí, a scéalta
Close
Close