Féinphic gan smideadh - cumhacht na meán sóisialta

Féinphic gan smideadh - cumhacht na meán sóisialta

Michaeline Donnelly

Tá Cancer Research UK i ndiaidh a fhógairt go bhfuil £8 milliún tiomsaithe acu taobh istigh de 6 lá leis an treocht nua féinphic gan smideadh, nó #NoMakeupSelfie.

Feachtas fiúntach gan amhras, ach mar is eol dúinn go léir, ní chun ár leasa i gcónaí a bhíonn na meáin shóisialta.

Smaoinigh mar shampla ar chás na Neknominations, a chuaigh ‘mearscaipthe’, nó viral ní ba luaithe i mbliana.

Tháinig sé chun solais go bhfuair cúigear ar a laghad bás mar thoradh díreach ar an chluiche.

Scéalta tubaisteacha gan amhras.

Ba mhaith liom smaoineamh go mbeadh níos mó ciall agamsa agus ag mo leithéidse, ach bhí m’fhotha nuachta ar Facebook lán daoine ag slogadh siar manglam contúirteach de bhiotáillí.

Chonaic mé duine amháin ag cur luchóige isteach sa rud, ach sin scéal eile amach is amach.

Sílim féin go bhfuil sé ar nós a bheith ar ais taobh thiar de stad an bhus agus tú i do dhéagóir, agus do ‘chairde’ ag cur brú ort toitín a chaitheamh.

Faraor, beidh an brú sin ann i gcónaí do dhéagóirí, ach is céim eile ar fad iad na nominations seo – samhlaigh a bheith i do cheap magaidh ag do chairde ar fad, dá ndiúltófá páirt a ghlacadh.

Is maith an rud nár iarradh ormsa tabhairt faoi, nó ní bheadh mamaí s’agamsa sásta liom ar chor ar bith – is contúirteach an rud é tuismitheoir a bheith mar chara agat ar an suíomh!

Is gaisciúlacht a bhí ann, mar a rinne daoine iarracht cor a chur ar a gcairde, trí níos mó, agus rudaí níos measa, a ól.

Rud amháin dearfach a tháinig amach as an treocht agus ó na básanna sin, ná ainmniúcháin RAK (Random Acts of Kindness), ina ndearna daoine iarracht rud amháin deas a dhéanamh do strainséir éigin, ach is trua nach raibh an toradh céanna ar an fheachtas.

Maidir leis na Nek Nominations, dúirt Facebook nach gcuireann siad suas le hábhair atá dochrach go díreach, tromaíocht mar shampla, ach ábhair atá gránna, nó conspóideach, ní i gcónaí a bhíonn sé ag briseadh rialacha s’acu.

Is deacair a mheas sna laethanta seo cá háit a bhfuil an líne idir saoirse cainte, cúrsaí sábháilteachta agus cinsireacht.

An bhfuil freagracht éigin ar leithéidí Facebook, Twitter, YouTube agus mar sin cosc a chur ar rudaí contúirteacha?

Smaoiním ar chásanna Pinterest, Tumblr agus Instagram – nuair a dhéantar cuardach ar na focail ‘thigh gap’, ‘skinny’ nó ‘thinspo’ (thinspiration) anois ar na suíomhanna seo, tagann teachtaireachtaí aníos faoi neamhoird itheacháin, agus nasc chuig líne chabhrach agus suíomhanna gréasáin cuí.

Léiríonn seo go n-aithníonn agus go dtuigeann na gréasáin seo an chumhacht agus an tionchar atá acu ar threochtaí san fhíorshaol.

Is léir le blianta go bhfuil an cheist seo faoi fhéinmheas agus corpíomhá na mban (agus na bhfear) ag dul in olcas, agus ní nach ionadh.

Ag dul ar ais chuig na féinghraif gan smideadh, an amhlaidh gur bealach iad le dul i ngleic leis na ceisteanna seo faoi chorpíomhá? B’fhéidir é.

Go pearsanta, is dóigh liom féin gur feachtas uasal le híseal (patronising) agus falsa a bhí ann.

Nuair a thosaigh sé, ar nós go leor feachtais ar na meáin shóisialta, ní raibh gníomh úsáideach nó fiúntach ar bith bainteach leis – ní fheictear domsa go n-ardaíonn seo feasacht ar bith ar ailse, nó ar ghalar ar bith eile.

D’athraigh sin dár ndóigh, nuair a rug Cancer Research greim ar an fheachtas.

Lig dom a rá, is maith an rud an t-airgead sin a bheith bailithe gan amhras, ach ar an lámh eile ní maith liom an impleacht gurb ionann crógacht daoine atá ag fulaingt le galar chomh huafásach le hailse, agus mná a chuireann pictiúr suas gan smideadh – tá rud éigin den bhogás ann.

Tá neart ban nach gcaitheann mórán smididh, nó smideadh ar bith, chomh maith gan trácht ar na fir ar ndóigh.

Ach, an tsoiniciúlacht ar leataobh, déanfaidh an £8 milliún sin maitheas mór agus is cinnte nach é an feachtas deiridh dá chineál a fheicfear.

Close
Close