Comhrialtas contúirteach

Ciarán Ó Pronntaigh

‘Comhrialtas an anoird’ a thug na Coimeádaithe ar an chineál rialtais a bheadh ann mura dtoghfaí Theresa May.

Iarracht a bhí ann pobal na Breataine a scanradh le guth láidir a thabhairt di agus í i mbun na hidirbheartaíochta leis an Aontas Eorpach maidir le Breatimeacht. Theip glan ar May an tromlach sin a bhaint amach agus is comhrialtas contúirteach dá cuid féin atá á thógáil aici anois.

An chéad cheist atá ag daoine, cá huair ar labhair sí leis an DUP?

Ba bheag an rogha a bhí aici, ar ndóigh, ach bhí cuma róthobann ar an fhógra a d’eisigh sí ar 10.00 maidin Dé hAoine go raibh margadh déanta aici leo, níos lú ná dhá uair déag ó léirigh an phobalbhreith díreach i ndiaidh vótála go mbeadh parlaimint gan tromlach ann.

Is ceist thábhachtach í sa dóigh go raibh blaiseadh de ghreim na mná báite ag baint léi.

Cad é a gealladh in uaireanta luatha mhaidin Dé hAoine agus an pictiúr iomlán den tubaiste á fíorú os comhar shúile Theresa May?

Sa bhliain 2010, ghlac sé roinnt laethanta de chainteanna sular thángthas ar mhargadh leis na Daonlathaithe Liobrálacha. Tá scéal le hinsint faoi seo, fós.

Cuireadh príomhaoire na gCoimeádach, Gavin Williamson, go Béal Feirste le cnámha an mhargaidh a oibriú amach. ‘Leas an náisiúin’ an mana a bhí ag Arlene Foster ach tá a fhís féin ag an DUP ar cad is leas an náisiúin ann.

Níl aon cheist ann ach go n-iarrfar tuilleadh maoinithe agus dhéanfadh billiún na dhó sa bhreis difear mór do na hospidéil agus na bóithre. Ach, beidh rudaí eile i gceist le hiarraidh, chomh maith. Tá cúpla rud luaite ag Sammy Wilson, cheana féin, mar atá, cúiseamh saighdiúirí agus póilíní a bhí ag obair ar son an stáit agus stádas na sé chontae i ndiaidh Breatimeachta.

Cé go bhfuil an DUP sásta le teorainn bhog idir an tuaisceart agus an deisceart, ní bheadh siad sásta íoc as sin trí ionaid seiceála a chur ar bun idir Tuaisceart Éireann agus an Bhreatain.

Agus tá guthanna eile á n-ardú chomh maith. Luaigh an tOrd Oráisteach i bPort an Dúnáin deireadh a chur le Coimisiún na Mórshiúlta, mar shampla. Nó cad é faoin Chúnant Mhíleata a thabharfadh tús áite do bhaill agus d’iarbhaill mhíleata i gcúrsaí tithíochta agus fostaíochta?

Ceisteanna an-íogaire. Agus tá tuilleadh ann nach iad. Tá plean ag an DUP, a scríobh siad i 2015, ‘The Northern Ireland Plan’, do chás mar sin. Luaitear athshainmhíniú ar cad is ‘íospartach’ ann agus deireadh a chur le liúntais Westminster do pháirtithe nach bhfuil sásta suí ann, rud a dhéanann targaid de Shinn Féin. Beidh Arlene Foster ag bualadh le Theresa May Dé Máirt. Seans go bhfeicimid ansin cad é an punt feola a d’iarr sí ansin.

Tá na cainteanna in Stormont le tosú arís Dé Luain faoi chathaoirleacht James Brokenshire ach anois is é an rialtas Briotanach atá ann rialtas a bhfuil tionchar mór ag an DUP air. An mbeidh muinín ag náisiúnaithe as an rialtas sin mar imreoir neodrach anois, cé nach raibh muinín acu as roimhe?

Tá ceist níos doimhne ann, áfach. Déanfar dochar do Chomhaontú Aoine an Chéasta mar gheall ar chúrsaí inmheánacha sa Pháirtí Choimeádach, rud atá ag déanamh imní do Enda Kenny chomh maith le páirtithe ó thuaidh.

Cén brú a bheidh ar an DUP teacht ar chomhréiteach nuair is eol dóibh gurb í riail dhíreach ó rialtas a bhfuil guth mór acu ann an rogha eile?

Is é an teachtaireacht atá ag teacht as an leagan amach nua leis an DUP go bhfuil leas na sé chontae in áit na leathphingine i gcomórtas le leas na dTóraithe. Sin an áit a bhfuil an chontúirt san am atá le teacht.

Ach níl an cur chuige seo gan chontúirt do Theresa May, ach oiread. Tá fearg ar a páirtí as an tubaiste san olltoghchán agus glactar leis nach ise a bheidh ina ceannaire don chéad olltoghchán eile.

Ar cheist an Bhreatimeachta, níl lámh shaor aici. Atoghadh Ken Clarke mar fheisire Coimeádach, maidin Dé hAoine, agus tá baicle d’fheisirí eile mar é atá ag fanacht le stop a chur le Breatimeacht crua, cuid de na feisirí nua as Albain san áireamh.

Tá móramh an-tanaí ag dul a bheith ag Theresa May agus níl aon chinnteacht go mairfidh an rialtas nua seo, fiú má thacaíonn an DUP leis.

Tháinig pobalbhreith nua amach Dé Domhnaigh ar an ‘Mail on Sunday’ a léirigh go raibh Páirtí an Lucht Oibre anois sé phointe chun tosaigh ar na Tóraithe. Tá sé lán chomh maith ag an DUP lán-bhuntáiste a bhaint as an stádas nua acu, fad a mhaireann sé.

Close
Close