Micheál Ó Leidhin
Bhí Leo Varadkar deich mbliana sa Dáil an tseachtain seo caite. Anois tá sé ar thairseach na hoifige is cumhachtaí sa tír. Níl le déanamh ach don Dáil a beannacht a thabhairt dó agus beidh sé ar an Taoiseach is óige dá raibh riamh againn.
Cad leis ar cheart dúinn a bheith ag súil, mar sin, ó Leo Varadkar agus é ina Thaoiseach?
Ní raibh Leo Varadkar fiú ar an saol nuair a chuaigh Enda Kenny isteach sa Dáil den chéad uair i 1975.
Athrú glúine agus athrú ré atá ina cheannasaíocht agus is cinnte go mbeidh athrú stíle i gceist chomh maith sa chur chuige a bheidh aige lena chuid Airí agus lena pháirtnéirí rialtais.
Ní haon rún é nach bhfuil Varadkar rófhabhrach don socrú rialtais atá againn. Ba mhinic é ráite faoi go raibh sé ar nós cuma liom nuair a bhí cainteanna ar siúl idir Fine Gael agus Fianna Fáil agus an rialtas á shocrú agus gur cheap sé gur ghéill Enda Kenny an iomarca d'Fhianna Fáil ar feadh an ama.
Beifear ag faire go géar, mar sin, ar an gcaidreamh a bheidh aige le Mícheál Martin sna seachtainí amach romhainn.
Polaiteoir gairmiúil is ea Leo Varadkar ar feadh a shaoil fásta. Fiche bliain d'aois a bhí sé nuair a bhuaigh sé a suíochán don chéad uair mar chomhairleoir contae.
Ceann de na buanna atá aige i súile an phobail gur duine díreach é nach dtéann ar chúl scéithe leis an bhfírinne. Freagraíonn sé ceisteanna go macánta agus do phobal a bhfuil amhras agus traochadh orthu faoin mbunaíocht, is buntáiste é do pholaiteoir cinnte gur féidir leis féin a scarúint ón gcuid eile acu.
Tá an-chuid samplaí den mhacántacht sin le feiscint, bíodh sé ar leathanach litreacha The Irish Times nó sa Dáil agus é ag tabhairt fogha faoi Bertie Ahern. Nuair a dúirt sé sa bhliain 2014 go raibh an méid a rinne sceithirí eolais sna Gardaí, Maurice McCabe agus John Wilson, le moladh, léirigh sé go raibh sé in ann a mhéar a leagan ar thuairim an phobail i leith na sceithirí níos túisce ná mórán eile sa rialtas.
Díol suntais go ndéarfadh Aire sinsearach as Fine Gael, an páirtí is mó a shamhlaítear le dlí agus ord, aon rud a cháinfeadh na Gardaí ach d'aithin Varadkar cén treo a raibh cúrsaí ag dul agus sheas Coimisinéir na nGardaí, Martin Callinan, síos go gairid ina dhiaidh sin. Níorbh é sin an chéad uair a léigh Varadkar cóir na gaoithe faoi ábhar ar leith agus is cinnte gur chabhraigh an bua sin leis agus é ag iarraidh ceannasaíocht an pháirtí a bhaint amach.
Rud amháin is ea é a bheith ina Aire béalscaoilte nach gcuireann fiacail ann ach le bheith ina Thaoiseach, beidh air guaim a choimeád air féin.
Tá fianaise ann le blianta beaga anuas go bhfuil éabhlóid agus maolú tagtha ar a chuid instinní polaitiúla. Nuair a bhí sé ina pholaiteoir óg ba éasca é a aithint mar pholaiteoir den eite dheis. Nuair a toghadh don Dáil ar dtús é, mhol sé gur cheart inimircigh nach bhfuil post acu a íoc leis an tír a fhágáil. Thug sé le fios freisin gur cheap sé gur cheart do phríosúnaigh íoc as a gcuid bia agus lóistín féin. Níl aon chaint ar na polasaithe sin anois dár ndóigh agus is minic do Leo Varadkar a rá go bhfuil deireadh leis na sean-idé-eolaíochtaí ar an eite dheis agus chlé agus gur cheart tarraingt ar na rudaí is fearr sa dá chóras chun leas na tíre.
Bíonn sé ag caint anois faoi chonradh nua sóisialta agus an deis chéanna a bheith ag cách chun dul chun cinn a dhéanamh. Ba léir go raibh sé sásta an luí polaitiúil ar chreid sé ann ina chroí istigh a cheansú ar mhaithe leis an mórsprioc a bhaint amach. An cheist atá anois ann, an dtiocfaidh an luí céanna chun cinn arís agus é i bhfeighil na tíre?
Ceann de na rudaí is mó a bhí in armlón lucht tacaíochta Simon Coveney sa rás le bheith mar cheannaire ar Fhine Gael nach raibh mórán in aon chor bainte amach ag Leo Varadkar sna sealanna atá caite aige mar Aire sa Roinn Iompair, Sláinte agus Coimirce Sóisialaí.
Fear is ea Leo Varadkar atá thar a bheith goilliúnach faoina íomhá i measc an phobail agus meastar go raibh sé ag iarraidh cinntí deacra sna Ranna sin a sheachaint chun an íomhá sin a chosaint. Ní bheidh an deis chéanna aige agus é mar Thaoiseach, áit a mbíonn cinntí deacra le déanamh gach lá agus a mbíonn namhaid á déanamh an t-am ar fad.
Beidh aird an phobail dírithe air de ló is d'oíche anois. Beidh air cosaint a dhéanamh ar pholasaithe uile an rialtais agus ní bheidh aon áit le dul i bhfolach ann. Is ansin a fheicimid an bhfuil an mianach ann le bheith mar Thaoiseach.