Louise Smith
An aithníonn tú an blas ar do chuid cainte féin, an dtugann tú faoi deara an difríocht idir canúintí ó cheantar amháin go ceantar eile?
Déarfainn é mar go bhfuil muid lán cleachtaithe mar Éireannaigh leis an éagsúlacht idir blasanna agus canúintí, bíodh sé i mBéarla nó i nGaeilge.
Ach ní amhlaidh an scéal i ngach áit eile, ar ndóigh.
Agus mé i m'iníon léinn, chaith mé bliain ag staidéar in ollscoil i Michigan sna Stáit Aontaithe.
Le linn an ama sin, cé go raibh cuid mhaith de mo chomh-mhic léinn an-chliste, chuala mé go leor rudaí seafóideacha ráite ag roinnt de na Meiriceánaigh thall.
Mar shampla, d'fhiafraíodh daoine áirithe díom go dáiríre agus go measartha rialta an raibh mé gaolta leis na leipreacháin.
In amanna, bhíodh sé níos sultmhaire domh a rá gur leipreachán ceart é mo sheanathair ó líne láidir leipreachán in Ard Mhacha Theas.
Ach an rud a sheas amach dom thar aon ní eile ná go ndeiridís le tuin mhall Mheiriceánach ar a gcuid cainte, “Wow, you have an accent, that’s so cool!”
Ní raibh siad ag rá go raibh blas Éireannach ar mo chuid cainte ach gur mise an t-aon duine thart ar an tábla a raibh blas ar bith aici.
Chuir sé fonn gáire orm ag an am nár thuig mic léinn a raibh ardchaighdeán oideachais acu go raibh blas ar a gcuid cainte féin fosta.
Bhí orm é seo a mhíniú dóibh agus ba ghnách liom aithris a dhéanamh ar bhlas s’acu féin le mo phointe a léiriú go soiléir.
Dá mbeadh scála ann de bhlasanna, cheap na mic léinn seo go raibh blas s’acu uilig ag ‘neodrach’.
Níor aithin siad difear idir a mblasanna féin fiú.
Théidís sna trithí gáire agus mé ag léamh sliochtanna as na nuachtáin i mblas bréige agus sa deireadh thiar thuig siad go raibh a leithéid de bhlasanna éagsúla Meiriceánacha ann.
Anseo in Éirinn, tá codarsnacht dochreidte láidir idir blasanna cainte.
Taobh istigh de na contaetha fiú, ó bhaile fearainn amháin go ceann eile bíonn an-éagsúlacht ann.
In Ard Mhacha Theas mar shampla, bheinn ábalta idirdhealú a dhéanamh gan stró idir bean as Crois Mhic Lionnáin ag caint agus bean eile as an Mhullach Bán agus dá rachfainn naoi mile thuas an bóthar go hIúr Cinn Trá, bheadh blas iomlán éagsúil le cluinstin ansin.
Cuir sin i gcomparáid le mo chomh-mhic léinn thall i SAM nár cheap go raibh difear idir blas i Stát Michigan agus an dóigh a labhraíonn daoine in Ohio nó Illinois.
Tá aithne agam ar dhaoine a tháinig ar ais ó na Stáit Aontaithe i ndiaidh bliana agus cheapfá ón dóigh ar labhair siad gurb as Iarthar-Lár Mheiriceá iad.
Dúradh liom nuair a tháinig mé féin ar ais go raibh blas Ard Mhacha Theas níos láidre ar mo chuid chainte ná mar a bhí nuair a d’imigh.
Is dóiche go raibh rún agam blas Meiriceánach a sheachaint is cuma cad a tharlódh.
Níl sé sin le rá nach n-athraíonn mo bhlas i ngan fhios domh féin, agus sílim go dtarlaíonn sé seo le go leor daoine eile.
Tá uncail de mo chuid a bhog ó Iúr Cinn Trá go Birmingham sna h80í, chun na Breataine Bige sna 90í agus tá sé féin agus a chlann lonnaithe i gCaisleán Nua Shasana anois.
Cé go bhfuil blas láidir Iúrach go fóill ar Bhéarla m’uncail, athraíodh blas m’aintín go hiomlán gach uile uair ar bhog siad.
Go fóill fiú cheapá gurb as an Chaisleán Nua ó dhúchas di cé gur bean Aontroma atá inti.
Tarlaíonn sé domhsa má bhím amuigh le mo chairde as Béal Feirste nó Iúr Cinn Trá agus bíonn mo chanúint féin ag athrú píosa.
Ar an ghuthán fiú, cluinim mo bhlas ag tiúnadh isteach leis an ghlór eile, más é m’athair é, cara Feirsteach nó Albanach fiú.
Cé go gcuireann sé isteach orm, ní bhíonn smacht agam air.
Deirtear go bhfuil baint ag an chlaonadh seo le daoine a bhfuil ceol acu.
Níl a fhios agam cad chuige a dtarlaíonn sé ach ba bhreá liom réiteach a fháil air!
Is cinnte go mbíonn tionchar na cuideachta ar bhlas an duine mar go gcluinim sin i measc daoine eile.
Athraíonn blas an duine fosta de réir mar a athraíonn an cás ina bhfuilimid, nó cé leis a bhfuil muid ag caint.
Mar shampla, nuair a bhí mé óg bhíodh m’athair ag caint le m’uncail, ar feirmeoir é, ar an ghuthán dá mbeadh cuidiú de dhíth chun eallach a thabhairt ó pháirc amháin go páirc eile.
Bhíodh blas láidir na tuaithe ar fhocail m’athara agus é ag caint lena dheartháir.
Bheadh téarmaíocht feirmeoireachta in úsáid ar ndóigh fosta agus tagairtí rialta i mBéarla do “shiftin’ baysts”, “shucks” agus “loanins”.
Ach ba leas-phríomhoide scoile é m’athair ag an am sin fosta agus nuair a buaileadh an fón arís chluinfeá blas ceart proifisiúnta ag plé churaclam na hiar-bhunscoile agus shílfeá gur duine eile ar fad a bhí ag caint.
Tarlaíonn rud aisteach fosta in amanna nuair a thiontaíonn duine ó Ghaeilge go Béarla.
Baintear geit asam féin ó am go chéile sa chás seo le duine a mbíonn canúint fhileata Chonallach ar a chuid Gaeilge agus blas láidir Feirsteach ar a chuid Béarla.
Ar ndóigh, lorg foghraíochta na foinse foghlamtha atá i gceist ansin, claonadh atá le cluinstin fud fad na tíre.
Mar shámpla, tá Gaeilge na Mumhan ag uncail de mo chuid as Contae an Dúin, de thairbhe na mblianta a chaith sé ar scoil cónaithe de chuid na mBráithre Críostaí ó dheas.
Is cuma cá háit a dtéim féin, bíonn focal a rá ag daoine faoi mo bhlas agus an chuid is mó den am aithníonn siad cá has mé ar mo chanúint.
Is cuid lárnach domh féin é mo bhlas mar bhean as Ard Mhacha Theas agus léiríonn sé cárbh as domh agus mé ag bualadh le daoine eile as mo cheantar dúchais.
Mar a deir John Lennon féin, aithníonn ciaróg ciaróg eile.