Ag teitheadh ón uafás

Ag teitheadh ón uafás

Frank Reidy

Chonaic muid an scéin ar bháid chónraí na linne seo.

Bhí pobal na Siria ag teitheadh ó chogadh cathartha, ó idé-eolaíocht na gránach: dé deiridh an dóchais.

Ach, ba í íomhá chorpán an ghasúirín Aylan Kurdi, béal faoi ar thrá, a mhúscail trua faoi dheireadh.

Is le fuadar an Earraigh 2010 sa Túinéis a thosaigh an ré fhuilteach seo.

Diúltaóidh ceadúnas margaidh do Mohamed Bouazizi ar chúis fhánach éigin agus chuir sé lámh ina bhás féin le dó.

Bhí réimeas na Túinéise géar orthu súid a bhí ag éileamh roinnt an rachmais agus daonlathais.

Sa Libia agus san Éigipt chuidigh comhghuaillíocht na Fraince, na Breataine agus Meiriceá le deireadh ré Gadaffi agus Mubarak a thapú.

Ba ghearr go mbeadh ré nua an daonlathais théis Réabhlóid an Earraigh, mar a baisteadh an t-éirí amach.

B’shin an teoiric, ar aon nós.

Bhí Uachtarán Obama glan in aghaidh ‘buataisí’ na bPoncán ar an dtalamh. Dhéanfadh ‘cuaráin’ mhuintir na háite an beart: teoric eile, dár ndóigh.

I gcogaíocht, éalaíonn na siabhialtaigh go tapaidh ón mbaol.

Is le gaolta nó le muintir a fhaigheann siad dídean gan gá dóibh dul thar theorainn. Chomh luath is atá an troid thart filleann siad abhaile.

Is easáitithe iad ina dtír féin iad, mar a thugann na Náisiúin Aontaithe orthu.

Bíonn cuid acu i gcampaí gan aon áit eile le dul acu.

Dá dhonacht an staid sin is fearr i bhfad é ná bheith thar lear mar dhídeanaí, le strainséirí i bhfad ón saol a chleacht siad.

Ní iontas go raibh léirsithe sa tSiria freisin faoi usáid na láimhe láidre ag an Uachtarán Bashar al-Assad.

Ba rí-ghairid go raibh sé ina chogadh cathartha le grúpaí éagsúla ag tnúth le titim an réimis agus roinnt an tsonais.

Sheas Assad an fód.

Bhí arm láidir aige agus cabhair aige ó throdairí Hezbollah ón Liobáin agus cabair airm aige ón Rúis agus ón Iaráin.

I mbruachbhaile Fallujah na hIaráice bhí a cháil bainte amach ag an gcléireach Sunnaíoch Abu Bakr al-Baghdadi mar fhear naofa a sheas in aghaidh na Meiriceánach ó scriosadh arm agus dínit na Sunnaíoch ar thitim Sadaam.

Bhí al-Baghdadi taobhach le ceannaire al-Qaida, Osama bin Laden, tráth.

Faoi 2014 bhí sé ag cuimhne ar ghluaiseacht a bhunú a bheadh níos spioradálta agus glan ó Chriostaithe, Iúdaigh ná Siaigh.

Bhunaigh sé Stát Ioslámach na hIaráice agus na Siria agus é bunaithe ar choincheap na Cailifeachta a bhí i bhforim amháin nó foirm eile ann ón 13ú aois go deireadh Impireacht na nOtamánach in 1924.

Rinne an Chailifeacht nua seo slad agus d’fhágadar uafás agus anfa rompu agus ina ndiaidh.

Leanadar le hionradh trasteorann agus thógadar bailte agus cathair agus talamh sa tSiria.

Ní fhacthas a leithéid de bhrúdúlacht riamh cheana agus thréig na céadta míle duine an baile le faitíos rompu.

Sna tíortha cóngaracha bhí campaí na dteifeach ag cur thar maoil, an pobal cráite ó bhaile, iad fuar feannta, gan scolaíocht do ghasúir, gan dóchas ná súil go mbeadh deireadh lena gcruachás.

Shocraigh an chomhghuaillíocht ar bhuamáil ón aer ag súil go mbeadh siad in ann arm dúchasach a spreagadh le dul i ngleic leis an Stát Ioslamach agus le réimeas Assad.

D’fhreagair an Stát Ioslamach le ruathair ar Pháras, Beirut agus ar eitleán Rúiseach san Éigipt.

Liostáil an Bhreatain sa gcomhghuaillíocht le toil pharlaiminte ach gan a fhios ag éinne go baileach cén chaoi ar féidir an Stát Ioslámach nó Assad a chloí.

Faoi shamhradh 2015 bhí na céadta míle ar mhuir agus ag taisteal tras tíre ón tSiria, ón Mheánoirthear agus trasna fhásaigh na hAfraice faoi dheifir ó chogaíocht agus ó bhochtanas.

Bhí gearchéim san Aontas Eorpach de bharr an bhrú.

Chaithfeadh chuile thír teifigh a ghlacadh, muide san áireamh.

Na blianta fada ó shoin chonaic mé teifigh i gCampa Fionnabhair Dhún na nGall agus iad tagtha traochta ó dheas ó dheorghás Dhoire.

Chas mé le tuilleadh sa gCongó théis chinedhíothú Ruanda agus arís sa Phacastáin théis 9/11.

Bhíodar linn sa mbaile ón Ungáir agus ón Bhoisnia.

Tháinig tuilleadh ó mhór-ranna na hAfraice agus na hÁise.

In íomhánna na linne seo aithním scáth na héiginnteachta céanna i bhfaoiseamh daingean na sábhála.

Feicim arís dlúth-ghreim an pháiste ar chos tuiste agus naíonáin fáiscthe le brolach agus an aois ar ghrua éadain de shíor.

Is dual don teifeach cuimhí baile a choinneáil beo: ar bhlas agus boladh an bhéile bhaile – arán, chai, lakhma, tattah – agus meze na fáilte!

Beidh a gcoirp i gcéin ach beidh a gcróithe sa mbaile.

Bímis leo go fial.

Is Iar-Cheannfort in Arm na hÉireann é Frank Reidy a bhfuil tréimhsí caite aige sa Mheánoirthear agus san Afraic.

Close
Close