Súil Siar na Nollag

Súil Siar na Nollag

Tá ‘Súil Siar’ ar ais arís le píosa speisialta don Nollaig.

Cluineann muid ó mhuintir Ghaeltacht Thír Chonaill agus iad ag súil siar ar an Nollaig mar a bhí agus iad ag fás aníos. Is mór an t-athrú atá tar éis theacht ar an cheilúradh fríd na glúnta. Bhí am ann nuair a bhí paistí buíoch as peann luaidhe agus cóipleabhar a fháil agus ba mhór an rud é nuair a fuair tú oráiste sa stoca a bhí crochta ag bun na leapa.

Ach an mearbhall a bheadh ar pháiste sa lá atá ann dá bhfaighfeadh siad a leithéid – seans go mbeidh caoineadh ann! Inniu bíonn an oiread sin béime ar na bronntanais agus déantar cinnte go go mbíonn luach mór orthu, idir an X-Box, an PS4, iPads, iPods agus na gutháin phoca… ní bhíonn deireadh leis na liostaí a chuireann pásití chuig Daidí na Nollag anois.

Bhí am ann nach raibh ach coinneal lasta sna fuinneoga agus b’shin a raibh de shoilse ach anois inniu bíonn na céadta solas agus maisiúchán crochta fríd an teach agus ní amháin sin is minic go mbíonn an taobh amuigh lásta fosta mar a bheadh rúidbhealach ann.

Cibé a shíleann tú gur rud maith é nó gur rud olc é an t-athrú seo, is tréimhse thábhachtach as an ghnáth í an Nollaig ina dtagann muid le chéile agus ina dtógann muid sos ón saol mór.

Súil Siar na Nollag
Close
Close