Insint Eile - An Fíodóir


http://www.duchas.ie/en/cbes/4428370/4400436/4492699 

Bhí fíodóir ann aon uair amháin agus pósadh é.  I ndiaidh a phósta chuaigh sé a dhéanamh gréasáin.  Lá amháin tháinig a bhean isteach agus chonaic sí an fear istigh sa ghréasán. Lig sí scread aisti agus d’imigh sí léi ag scairtigh ar na comharsanaí len é a réitiú.  Chruinnigh na comharsanaí isteach ach níor chuir siad suim ar bith san fhíodóir nó chonaic siad é ag déanamh gréasáin go minic roimhe sin. 

D’imigh an fíodóir leis go bhfeicfeadh sé an bhfaigheadh sé bean ar bith chomh hamaideach lena bhean féin.  Shiúil sé leis ceithre nó cúig de mhílte. Sa deireadh tháinig sé go dtí áit a raibh fir ag obair le beithígh. Am dinnéara den lá a bhí ann agus bhí an féar gann nó an tEarrach a bhí ann. Chonaic an fíodóir fear thuas ar mhullach an tí agus bhí srian bheithíoch capaill ina lámh aige agus é ag tarraingt suas beithíoch capaill ar mhullach an tí leis an fhéar a ithe agus bhí fear eile ar a chúl dá bhualadh.  

“Tá obair chrua agaibh,” arsa an fíodóir leis na fir eile.

“Tá,” arsa siadsan, “agus tá do chuidiú-sa de dhíth orainn fosta.”

“An bhfuil a fhios agaibh cad é a dhéanfaidh sibh anois?  Gabh fear agaibh suas ar an teach agus tabhair anuas féar chuig an chapall ar an talamh agus ní bheidh trioblóid ar bith agaibh ansin,” arsa an fíodóir.

Rinne siadsan seo agus nuair a bhí sé déanta acu d’iarr siad ar an fhíodóir dul isteach chun tí fá choinne a dhinnéara. D’fhiafraigh bean an tí den fhíodóir cá háit a dtáinig sé as. Dúirt sé go dtáinig sé as na Flaithis.

“Ó!” arsa sise, “an bhfaca tú bean ar bith a fuair bás as an teach sin thuas ar a dtugtar Siobhán uirthi? Seo cúpla plaincéad agus tabhair suas chuig Siobhán bhocht iad nó creidim go bhfuil sé iontach fuar thuas ansin.  Tá sean-bheithíoch bán amuigh san bhoitheach agus tabhair leat í.”

Thug an fíodóir leis an sean-bheithíoch bán agus chuir na plaincéid ina luí ar a droim. (Ní raibh i bhfad go bhfaca sé tóir ina dhiaidh. Cheangail sé an capall de chrann agus luigh sé féin ar shlait chúl a chinn ar an bhealach mhór. D'fhiafraigh an fear dó an bhfaca sé fear ar bith ag teacht an bealach seo ar dhruim capaill. Dúirt sé go bhfacaidh sé ag dul suas sa spéir as a amharc é tamall beag ó shoin. Thug an fear a bhí ina luí an bealach leis nuair a chuaigh an fear as a amharc) agus d’imigh sé leis chun an bhaile agus bhí dóigh mhaith air féin agus ar a bhean ó shin amach.

Close
Close