Idir Mise agus Tusa - Oíche Shamhna

Idir Mise agus Tusa - Oíche Shamhna

Nuair a thagann ina mílte amach

Dream saoithiúil, scáfar iontach…

Drochnós Meiriceánach nó féile mhór na gCeilteach? Sin an cheist mhór atá idir chamáin ag Sadhbh agus ag Lughaidh as Ard Mhacha. Tá dúil mhór ag an chailín óg in Oíche Shamhna, in imirt ‘bob nó bia’ agus sna nósanna uilig a bhaineann leis an fhéile. Ní chreideann an seanfhear sa draíocht… go fóill beag!

Idir Mise agus Tusa

Oíche Shamhna

Le hAntaine Ó Donnaile

Cailín óg

Is breá liom Oíche Shamhna,

Is breá liom spórt is spraoi.

Is breá liom a bheith gléasta

In éadaí seanchaillí.

B’fhéidir go bhfaighfinn úlla,

Nó brioscaí, nó seacláidí

Ach c’áit a bhfuil na comharsana?

’Bhfuil duine ar bith istigh?

Seanfhear

Cé sin ag mo dhoras

Ag an am seo den óich’

Ag cur isteach ar mo shuaimneas

Is ar mó chláracha TV?

A imigh leat a chailín,

Tú féin is do bhréag-éadaí

Cuirfidh mé fios ar phóilín

Má bhíonn tú in aice mo thí!

Cailín Óg

Gabh mo leithscéal, a fhir a’ tí,

Níl mé ag iarraidh ‘bheith dána

Tá mé ag bailiú féiríní,

Do mo bhuicéad, oíche Shamhna

Thig liom damhsa a dhéanamh duit

Nó thig liom amhrán a rá,

Is má thugann tú dom seacláid,

Ní bheidh mé do do chrá.

Seanduine

Éist liom seo a chailín,

Tá tú do mo chrá

Ní bhfaighfidh tú uaimse féirín.

Bí ar shiúil leat go brách

Tá Oíche Shamhna samhnasach,

Tá puimpcíní ró-chostasach,

Is ní sa tsiúl ó theach go teach

Ach droch-nós Meiriceánach.

Cailín

Ní droch-nós Meiriceánach

Ach féile mhór na gCeilteach

Nuair a thagann ina mílte amach,

Dream saoithiúil, scáfar, aisteach:

Taibhsí, cailleacha, púcaí

Cnámharlaigh, péisteanna, zombaí

Marbháin, sláisirí, síogaí

Na créatúir is iontaí amuigh.

Seanduine

Ní hiontach iad ar chóir ar bith

Níl ann ach scéal do pháistí

Nach mór an náire do thuismitheoirí

Ag líonadh do chloiginn le hamaidí

Nárbh fhearr duit ábhar fírinneach

Nó rudaí a bhfuil bunús leo

Na bac le sean-nós pisreogach

A chuirfidh ar strae thú go deo.

Cailín

Ach tá Oíche Shamhna tábhachtach

Bíonn gliondar ar ár gcroí,

Agus páistí in achan teaghlach

Ag déanamh réidh cluichí.

Babhla uisce do na hulla

Agus airgead in achan phióg

Carn mór plúir ar phláta

Nach cuimhin leat féin a bheith óg?

Seanduine

Is cuimhin liomsa maith go leor

Ach tá an t-am sin thart

Níor tháinig ‘na dhiaidh ach sileadh deor

Is uaigneas, pian is tart.

Éist liom seo a thaiscidh,

Is agam ‘tá an fhírinne lom

Ná cuir do mhuinín i dtaibhsí

Tá mé a rá leat, níl siad ann.

Cailín

Ach tá siad ann go fírinneach,

Iad ag eitilt thart mar éin

Agus tcímse iad nuair a théim amach

Mar is cailleach cheart mé féin.

I gcónaí an t-am seo bliana

Bím ag súgradh le páistí deasa

Is muna mbeidh múineadh ortsa

Cuirfidh mé tú faoi gheasa!

Seanduine

Tusa! Mo chur faoi gheasa!

A chailín, na cuir mé ag gáire.

Níl tú ag déanamh do leasa

Ag inse na mbréag gan náire

Imigh leat anois is ná tar ar ais

Agus abair é sin le do chairde

Nó má fheicim tú thart arís fá m’áit

Beidh deireadh le d’éirí in airde.

Cailín

Go leor atá cluinste agam uait anois,

Go leor de do sheanchaint ghránna

Is minic béal duine a shrón a bhris

Le linn do bheith maslach, dána.

Ach ní bhrisfear do ghaosán mór anocht

Abracadabra, Abracadú

Go ngreamaí do lámha le do shrón go docht

Go dtí go raibh ort múineadh!

Seanduine

Cad é atá déanta agat anois?

Ní thig liom mo lámha a bhogadh

Is cad é faoi dhul chun a’ leithris

Beidh gach aon duine ag magadh.

Níor thug mé isteach do thaibhsí ariamh,

Do chámharlaigh nó lucht sí.

Ach geallaim duit go creidim thú

Lig dom, le do thoil, a chailligh!

Cailleach

Ní ligfidh go fóill a dhuine bhig

Go gcluine mé geallúint mhór

Go mbeidh tú go deas le gach páiste a thig

Is go dtabharfaidh tú milseáin go leor.

Tá Oíche Shamhna speisialta,

Is níor chóir duit í a scrios

Ach má gheallann tú ‘bheith cineálta

Seans go mbeidh tú saor, cá bhfios?

Seanduine

Geallaim duit a bheith cineálta

Le gach páiste a thiocfas mo bhealach.

Bhéarfaidh mé milseáin is cola

Do gach neach a shiúlann faoin ghealach.

Ní dhéanfaidh mé dearmad ar a’ lá seo

Tá mé i ndiaidh ceacht a fhoghlaim go crua

Is ní dhéanfaidh mé dearmad ortsa,

Le do thoil anois, taispeáin trua.

Cailín

Bíodh meas againn ar ár dteanga

Is ar na nósanna a iompraíonn sí

Bíodh meas againn ar ár scéalta

Faoi na síogaí is na taibhsí

Seanduine

Ach thar aon rud eile a pháistí

Is bhur n-óige ag imeacht go gasta,

Bailigí milseáin, bailigí!

Is ithígí iad go blasta!

Close
Close