An tseachtain seo tá muid i nGaeltacht Ghaoth Dobhair i gCo Dhún na nGall agus agus muid i gcuideachta an amhránaí agus an cheoltóra iomráitigh, Doimnic Mac Giolla Bhríde....
Sa tsraith seo beidh muid i gcuideachta amhránaithe de bhunadh Chúige Uladh agus iad i mbun amhránaíochta ar stíl an tsean-nóis. An tseachtain seo, Pádraigín Ní Uallacháin as ceantar Oirialla.
An tseachtain seo ar www.meoneile.ie cuireann muid tús le sraith úr cheoil darb ainm ‘Glórthaí Uladh’.
Sa tsraith seo beidh muid i gcuideachta amhránaithe de bhunadh Chúige Uladh agus iad i mbun amhránaíochta ar stíl an tsean-nóis. Bhéarfaidh na ceoltóirí ar leith seo léargas ar a gceantar dúchais dúinn agus foghlaimeoidh muid faoin stair agus faoin oidhreacht a bhaineann le cuid de na hamhráin sean-nóis is clúití in Ultaibh.