Cúinne Comhrá, Féile Swell - Ye Vagabonds

Tá muid ag teacht chugaibh arís an tseachtain seo lenár sraith 'Cúinne Comhrá' ó Fhéile Swell, féile cheoil agus champála ar Árainn Mhór, oileán amach ó chósta Dhún na nGall.

An tseachtain seo, tá Caoimhe ag labhairt leis an cheoltóir Brían Mac Gloinn ón bhanna ceoil Ye Vagabonds.

Tá ceol na ndeartháireacha Brían agus Diarmuid lán traidisiúin, ceol tíre agus armóiní. 

D'eisigh siad a gcéad albam 'Ye Vagabonds' anuraidh agus tionchar an cheoil thraidisiúnta agus ceol Apaláiseach le cloisteáil go tréan ann.

Tá Árainn Mhór, áit a raibh Ye Vagabonds ag seinm ar na mallaibh, ina spreagadh mór ceoil dóibh. Is ón oileán do mháthair s'acu agus is iomaí amhrán ón oileán a sheineann siad.

Tá an dara halbam taifeadta ag Brían agus Diarmuid agus iad ag súil go n-eiseofar é an bhliain seo chugainn.

Is féidir tuilleadh eolais faoi Ye Vagabonds a fháil anseo.

Close
Close