Cúinne Comhrá, ag Féile na Gealaí 2018 ... Smugairle Róin

Tá muid ag cur tús le sraith nua inniu, 'Cúinne Comhrá' agus is ó Fhéile na Gealaí a thiocfaidh físeán na sraithe an iarraidh seo.

Sa tsraith seo beidh muid ag caint le cuid de na ceoltóirí is fearr ó fhéilte na tíre agus níos faide i gcéin.

Bhí scoth an cheoil le cluinstin ag Féile na Gealaí i Ráth Chairn Glas na Mí ar na mallaibh le grúpaí ar nós Niteworks, LAS, IMLÉ, KNEECAP agus Smugairle Róin ag seinm.

Sa chéad eagrán seo, tá Paddy Mac Tiarnáin ón ghrúpa ceoil rac agus punc ó Chondae na Mí, Smugairle Róin, linn.

Labhair muid leis faoi chúlra agus stíl cheoil an bhanna agus faoi Fhéile na Gealaí féin.

Coinnígí súil amach do cheoltóirí eile na sraithe sna seachtainí atá romhainn.

Ár mbuíochas le Raidió Fáilte as an fhuaim a thaifeadadh dúinn.

Close
Close