Coinnímis ag Ceol le Chéile - Caoimhín Mac Giolla Catháin

Is é seo an dara clár de shraith nua s'againn, 'Coinnímis ag ceol le chéile'. Bhuail Meon Eile le seisear ceoltóirí agus amhránaithe Gaelacha in Áras Mhic Reachtain i mBéal Feirste agus labhair muid leo faoi shaol s’acu mar cheoltóir agus faoi na dóigheanna a ndeachaigh an dianghlasáil i bhfeidhm orthu. 

Le linn na géarchéime seo, ní bhíonn móran de dheis ag daoine seinm le chéile ná éisteacht le ceol beo mar sin shocraigh Áras Mhic Reachtain agus Meon Eile go dtabharfadh muid blaiseadh don lucht féachana go dtí go mbeidh muid in ann sin a dhéanamh arís. 

Inniu is é Caoimhín Mac Giolla Catháin atá ag caint faoin speis mhór atá aige sa cheol. Labhair sé faoina shaol ag fás aníos agus an ceol thart air agus faoi na stíleanna éagsúla ceoil a chleachtann sé féin agus a bhanna Bréag. San fhíseán thuas is feidir éisteacht le Caoimhín ag canadh agus ag casadh ar an ghiotár.

Le tuilleadh eolais a fháil ar Chaoimhín agus Bréag, téigh anseo.

San fhíseán thíos, tugann Daithí Mac Uait, bainisteoir imeachtaí Áras Mhic Reachtain, intreoir don tsraith. Is eisean a thug cuireadh do na ceoltóirí seinm agus, le cuidiú ón Chomhairle Ealaíon, bhí deis acu airgead a thuilleadh le linn an paindéime fosta.


Close
Close