Ceol na Clainne - Clann Diamond

Ceol na Clainne - Clann Diamond

San dara cuid den tsraith tá muid i mBaile Átha Cliath agus Seán Ó Baoill ag tabhairt cuairte ar Chlann Diamond.

Is as Béal Feirste ó dhúchas é Dermy Diamond agus as Co. an Dúin a bhean chéile Tara, ach cónaí orthu i mBaile Átha Cliath leis na blianta, áit ar thóg siad beirt chlainne, Danny agus Helen.

Tá Helen agus Danny ag leanúint coiscéimeanna a gcuid tuismitheoirí agus iad anois aitheanta i saol an cheoil traidisiúnta agus albaim taifeadta acu.

Tá Danny i ngrúpa ceoil darb ainm ‘Mórga’ a sheol albam úr i mí na Nollag. Táthar ag déanamh réidh le tabhairt faoi chamchuairt timpeall na hÉireann.

Oibríonn Danny ar thionscadail aonair fosta agus dlúthdhiosca taifeadta aige le ‘Aki’, fear as an Ísiltír. Nuair nach bíonn Danny gafa leis an cheol bíonn sé ag obair le Taisce Cheol Dúchais Éireann, taisce thagartha agus ionad acmhainne náisiúnta.

Tá Helen ag freastal ar Choláiste Mhuire i mBéal Feirste agus í le bheith cáilithe mar mhúinteoir bunscoile i mbliana. Tá a croí istigh sa teagasc ach sin ráite tá dúil mhór aici sa cheol agus taifeadadh déanta aici ar dhlúthdhiosca de chuid Cormac Begley agus Vincent Docherty anuraidh.

Ar an drochuair bhí Dermy san Astráil leis an ollscoil nuair a bhí muid ar cuairt ach labhair Seán Ó Baoill le Tara, Danny agus Helen faoina gcuid ceoil, an tionchar air agus cad a raibh sé cosúil leis ag fás aníos i dteach chomh ceolmhar.

Féach thíos faoin fhís le teacht ar MP3 do na hamhráin.

Ceol na clainne - Clann Diamond
Clann Diamond
Helen Diamond
Close
Close