Leabhrán úr le Michael Gerard Ó Dochartaigh

Is múinteoir agus cóitseálaí é Michael Gerard Ó Dochartaigh, fear a chaitheann a chuid ama ag spreagadh daoine óga le cluichí Chumann Lúthchleas Gael a imirt. Is cuma cé acu sa seomra ranga i mBunscoil an tSléibhe Dhuibh atá sé, nó ar pháirc pheile na Sáirséalach, bíonn cluichí CLG á gcur chun cinn aige i gcónaí. 

Le linn na dianghlasála, a bhuí leis an am breise a bhí aige, chinn sé ar leabhrán úr galánta a chur le chéile, Live Learn Love Gaelic Games. Leabhrán a thugann cuidiú do pháistí naíscoile agus iad ag tabhairt faoi chluichí CLG den chéad uair riamh. Chaith sé 6 mhí ag dul don leabhrán agus fuair sé cuidiú ó na cóitseálaithe eile sa chumann agus ón chartúnaí Tuathan Mc Aughey.  

Tá sé ag súil go dtabharfaidh an leabhrán spreagadh do pháistí agus do thuismitheoirí araon, nó tá lear mór gníomhaíochtaí ann don teaghlach ar fad.

Go dtí seo tá leabhrán naíscoile agus leabhrán do pháistí faoi sheacht réidh agus ar díol aige. Tá sé ag obair ar leabhrán do pháistí faoi naoi agus tá súil aige go mbeidh sin réidh roimh dheireadh na bliana. Anuas air sin tá sé beartaithe aige leabhrán do dhéagóirí a chur le chéile chomh maith. Tá na leabhráin in úsáid ag 30 cumann de chuid Chumann Lúthchleas Gael fud fad na tíre go dtí seo agus tá díol maith air i dtíortha eile ar nós na Seapáine chomh maith. 

Más mian leat féin cóip den leabhrán a fháil is féidir ceann a cheannach anseo. Agus is féidir ríomhphost a sheoladh chuig Michael Gerard ag [email protected] má tá tú ag iarraidh roinnt acu a ordú do do chumann féin. 


Close
Close