Corn an Domhain 2018: Áis foghlama ar scoil!

 Tá sé doiligh an teilifís a chasadh air na laethanta seo gan teacht ar chluiche sacar.

Is é, tá Corn an Domhain 2018 faoi lán seoil agus súile na cruinne ar an Rúis i láthair na huaire.

Le 32 tír páirteach, 64 clúiche le himirt agus buaiteoir amháin againn i Moscó ar an 15 Iúil, tá go leor daoine, idir shean agus óg, fud fad an domhain ag cur suime san aicsean, múinteoirí agus daltaí scoileanna Bhéal Feirste ina measc!

Thug Meon Eile cuairt ar dhá scoil i mBéal Feirste, Scoil an Droichid agus Gaelscoil na bhFál le tuairimí s’acu a chluinstin faoi Chorn an Domhain 2018 agus faoi na bealaí atá cuid de na múinteoirí ag baint úsáide as an chomórtas mar áis foghlama. 

Ó thíreolaíocht go mata go dtí an ealaín féin, tá daltaí scoile ag foghlaim go leor faoi na tíortha éagsúla a bhuí leis an Chorn Domhanda...

Close
Close