Béile blasta an Domhnaigh

liam mac carthaigh
liam mac carthaigh

Fearghal Mag Uiginn

Beidh an dá fhoireann iomána is fearr in Éirinn i mbliana le feiceáil i bPáirc an Chrócaigh ar an Domhnach beag seo agus tá cluiche ceannais againn le goile a chur ar lucht leanúna na hiomána i gcóngar agus i gcéin – Gaillimh, Curaidh Chúige Laighean, in éadan Chill Chainnigh, Curaidh na hÉireann.


Tá díospóireacht le déanamh, roghanna idir chamáin agus ceisteanna gan fuascailt go dtí an lá féin.

An cailleadh tubaisteach é Míchéal Rís ag Cill Chainnigh?

An rachaidh TJ nó Ó hÓgáin chun páirce ar dtús?

An mbeidh Joe Ó Cainín na Gaillimhe i bhfad ar imeall na cearnóige bige, an mbeidh Ó Dónalláin ar an bhinse?

Agus cúram gan chúiteamh ag an fhear sa lár, Barra Ó Ceallaigh!


Is mór an difear idir an dá chontae le blianta beaga anuas, seo an seachtú cluiche ceannais as a chéile ag Cill Chainnigh agus sé cinn acu siúd bainte ag an fhoireann faoi stiúir Bhriain Mhic Óda.

Maidir le Gaillimh, ní raibh an contae sa chluiche ceannais ó bhí 2005 ann, níor bhain Corn Liam Mhic Cárthaigh ó bhí 1988 ann agus seo an chéad bhliain ag Antain Ó Cuinneagáin bheith ina bhainisteoir ar an fhoireann sinsear.

Má chreideann tú go mbíonn tionchar mór ag an draíocht sin ar a dtugtar taithí, draíocht nach féidir a cheannach ná a thógáil ó na crainn, tá buntáiste mór ag Cill Chainnigh sula gcaitear isteach an sliotar.

Ach bíonn réiteach iontach simplí ar an fhadhb sin ag síceolaithe spóirt na linne – déan glandearmad di, níl ann ach stair!

Agus má éiríonn le lucht bainistíochta na Gaillimhe ‘meon an bhua’ a chothú agus a chur go smior sna himreoirí beidh sé ina chuidiú mór ag tús is ag deireadh an chluiche, ach go háirithe.

Is cinnte go bhfuair fir an iarthair ardú meanaman as Cill Chainnigh a chloí cheana i mbliana.

Agus ní amháin Cill Chainnigh a bhualadh ach cluiche ceannais is corn a bhaint – spreagadh agus féinmhuinín iontach ag Gaillimh. Tá sé riachtanach go gcreideann imreoirí na Gaillimhe ina gcroithe istigh gur féidir Cill Chainnigh a bhualadh arís.

Le ceithre bliana déag anuas níor bhain ach Corcaigh (3), Tiobraid Árann (2) agus Cill Chainnigh (8) Craobh Iomána na hÉireann. Mar sin de, cad é an tslat tomhais atá ag contaetha eile?

An leor ag Gaillimh Craobh Laighean a thógáil den chéad uair riamh? Más leor, beidh deacrachtaí móra ann ar an Domhnach!

Agus an bhfuil dul chun cinn déanta ag contae ar bith eile i mbliana? Creidim go bhfuil – ag na foirne óga as Corcaigh faoi Jimmy Barry agus as an Chlár faoi Davy Fitz.

Bhain Corcaigh an babhta leathcheannais amach agus bhí an Clár faoi scread asail de Phort Láirge an chéad lá agus de Luimneach an dara lá. Is dóigh liom go raibh craobh sásúil go leor acu siúd agus feabhas suntasach i mbliana ar Luimneach ach caithfidh an lucht leanúna bheith foighneach.

Tiobraid Árann, (bainisteoir úr de dhíth i ndiaidh do Declan Ryan éirí as) a bhain Craobh na Mumhan, agus Baile Átha Cliath is mó díomá, creidim.

Thug Cill Chainnigh greadadh ceart don dá chontae sin (2-21 v 0-9 BhÁC; 4-24 v 1-15 Thiobraid Árann) agus is céim ar gcúl atá ann ag an dá fhoireann, ó bhain Tiobraid Árann Craobh na hÉireann i 2010 is ó bhain Baile Átha Cliath an tSraith Náisiúnta anuraidh.

Ach tá bearna ollmhór go fóill ann sa chomórtas iomána, bearna atá á méadú is dóigh liom féin – BÁC 3-23 Laois 1-7; Loch Garman 3-22 an Iarmhí 2-09; Luimneach 8-26 Aontroim 1-15; Laois 1-11 Luimneach 6-21, Doire 0-09 Aontroim 3-18, torthaí craoibhe 2012 iad uilig.

Níl a dhath iontach faoi na buaiteoirí ach is eagal liom go léiríonn an scór sna ‘coimhlintí’ sin go bhfuil ‘an scilbhearna’ á méadú de réir a chéile. Bhí Aontroim i gcluiche ceannais na hÉireann sa bhliain 1989, ní bheidh an contae ar ais sa chluiche ceannais lenár linn, is cosúil.

Taobh amuigh de Chill Chainnigh agus de na Muimhnigh, creidim nach bhfuil ach contae amháin eile ina bhfuil an mianach Corn Liam Mhic Cárthaigh a thógáil agus an greim docht daingean atá ag Corcaigh, Tiobraid Árann agus Cill Chainnigh (8) ar Chraobh Iomána na hÉireann a bhriseadh – Gaillimh.

Cuirfear dul chun cinn na Gaillimhe i mbliana faoi mhionscrúdú ar an Domhnach ach is dóigh liom gur teip a bheas i ndán do na Connachtaigh.

I gcluiche ceannais Laighean fuair Gaillimh tús spleodrach agus bhí 2-012/0-04 chun tosaigh ag leathama. Ní ligfear dá leithéid an iarraidh seo.

Scóráil Cill Chainnigh 2-11 an lá sin i bPáirc an Chrócaigh ach ó shin d’aimsigh 4-16 (v Luimneach) agus 4-24 (v Tiobraid Árann).

Báfar cosaint na Gaillimhe má thig rabharta scóranna mar sin. Ná déantar dearmad gur scóráil an Iarmhí 4-13 agus Uíbh Fhailí 3-15 i gcoinne na Gaillimhe cheana i mbliana.

Tuigim go bhfuil feabhas ar Ghaillimh ó shin ach tá díoltas le baint amach ag Cill Chainnigh agus is minic na cait gan trócaire sa chás sin.

Mo bhrón ach is dóigh liom go mbeidh taithí cúpla bliain eile ó Ghaillimh sula dtógtar an duais mhór.

Close
Close