Stair agus nósanna Imbolg agus na Féile Bríde


Féile Cheilteach í Imbolc a ndearnadh ceiliúradh uirthi faoin gheallach lán thart ar an chéad lá de mhí Feabhra. Teacht an Earraigh is ábhar ceiliúrtha di agus tá cuid de na nósanna a bhain leis go fóill linn sa lá atá inniu ann.

Lá Fhéile Bríde atá ann fosta ar ndóigh, lá an naoimh chlúitigh ar a ndéantar crosóga in ómós di ó cheann ceann na tíre.

Dála roinnt mhaith de na féilte creidimh, cuireadh creat Críostaí ar bharr fréamhacha págánacha agus is meascán den dá thraidisiún atá againn anois ar go leor bealaí.

Labhair Meon Eile le Róise Ní Bhaoil, a bhfuil saineolas aici ar an fhéile, agus rinne sí cur síos ar chuid de na nósanna a bhaineann leis an lá..

Close
Close