Seachtain na Frithbhulaíochta 2020

Is feachtas bliantúil é Seachtain na Frithbhulaíochta a dhíríonn ar fhadhb na tromaíochta. Seo an 15ú bliain den fheachtas agus is é téama na bliana seo ná “Le Chéile in Éadan an Bulaíochta”. Táthar ag iarraidh ar dhaoine teacht le chéile chun dul i ngleic leis an cheist.

Labhair Meon Eile le Deirdre McAliskey ón National Children’s Bureau, atá ar na comhlachtaí ar chúl an fheachtais. Rinne siad suirbhé le 1,096 dalta scoile idir 11 agus 16 bliana d’aois ina thug 56% de na páistí le fios gur fhulaing siad de bharr na bulaíochta agus dúirt 23% acu gur éirigh rudaí níos measa i rith na dianghlasala. Dúirt Deirdre go bhfuil an cairdeas ar cheann de na rudaí is fearr do pháistí a bhíonn ag déileáil le tromaíocht ach go bhfuil an phaindéin i ndiaidh dul i bhfeidhm ar na caidrimh idir daoine.

Tá Deirdre agus baill foirne an National Children’s Bureau ag iarraidh deireadh iomlán a chur le tromaíocht sna scoileanna agus sna sráideanna, rud is féidir a dhéanamh le tacaíocht ón phobal.

Tá tuilleadh eolais faoi Sheachtain na Frithbhulaíochta le fáil anseo agus tá tacaíocht maidir leis an bhulaíocht le fáil ag an nasc seo.

Close
Close