Ranganna Gaeilge le Sinn Féin

Le linn na tréimhse seo agus an chuid is mó den phobal gafa sa teach, shocraigh Cónall Ó Corra ranganna Gaeilge a chur ar fáil do chomhairleoirí Shinn Féin. Is é Cónall mar Oifigeach Náisiúnta Gaeilge an pháirtí agus tá ról aige an teanga a chur chun cinn i ngach gné den eagras.

Tugadh faoi rang Gaeilge a chur ar siúl ó gach ceann den 32 chontae, rud a d'éirigh leo a dhéanamh trí Zoom.

Labhair Meon Eile le Cónall faoi na spriocanna a bhí aige agus é i mbun na ranganna seo a chruthú. Labhair muid fosta le beirt a ghlac páirt mar mhúinteoir sna ranganna. Daithí Mac an Bhaird, a bhí i mbun ranganna i gCill Dara agus Loch Garman, agus Luke Callinan a thug ranganna i Maigh Eo agus Ros Comáin.

Luaigh an triúr acu an tábhacht a bhaineann leis an Ghaeilge don pháirtí agus go bhfuil siad ag iarraidh go rachaidh na ranganna seo ar aghaidh sa todhchaí agus go mbeidh siad a leathnú amach don phobal mór as seo amach.

Close
Close