Na 5 fhíseán pobail is mó ó 2020

Cuid phléisiúrtha d’obair Meon Eile is ea an tuairisciú a dhéanaimid ar na scéalta pobail agus ar na gaiscí atá á ndéanamh ag Gaeilgeoirí ó cheann ceann na tíre ar mhaithe lena gceantracha féin.

Seo cúig cinn de na físeáin phobail is mó ar chuir leantóirí an tsuímh spéis iontu i mbliana…

1. Ranganna aclaíochta ar líne le Conor Mac Labhraí

Bhí an teagascóir aclaíochta, Conor Mac Labhraí, in ainm agus a bheith ag oscailt a ionaid aclaíochta féin i nGaeltacht Thír Chonaill sular tugadh srianta COVID-19 isteach.

Tá áit úr tógtha aige díreach in aice lena theach i nGaoth Dobhair agus lear mór trealaimh ceannaithe aige.

Cé go bhfuil díomá air nach dtig leis an t-ionad a oscailt go fóill, tá an Conor fós ag iarraidh cuidiú le daoine agus iad a spreagadh trína chuid ranganna ar líne.


2. Ag fanacht sa bhaile le Dáithí

Labhair Máirtín Mac Gabhann le Meon Eile faoin chinneadh a thóg sé fanacht sa bhaile lena pháirtí Seph agus a mhac, Dáithí, chun an gasúr óg a chosaint ar COVID-19.

Tugann Máirtín léiriú dúinn ar ghnáthhlá faoi dhianghlasáil agus na híobairtí atá á ndéanamh acu agus iad i mbun féin-leithlisithe. Gabhann sé buíochas leis an phobal atá ag cuidiú go mór leis an teaghlach maidir le cúrsaí leighis agus siopadóireachta.


3. COVID-19: Agallamh leis an Athair Brian Ó Fearraigh

Ar Meon Eile inniu labharaíonn an tAthair Brian Ó Fearraigh linn faoin dóigh a bhfuil an Eaglais ag dul i ngleic le géarchéim COVID-19.

  

4. Airgead á bhailiú le haghaidh trealamh cosanta pearsanta d'oibrithe sláinte

Agus éiginnteacht mhór ann maidir leis an easpa trealaimh cosanta phearsanta atá ar fáil ag oibrithe sláinte ar an líne thosaigh, tá an géarchéim ina bhfuil an tseirbhís sláinte ó thuaidh níos soiléire ná riamh.

I ndiaidh di labhairt le col ceathrair léi atá ina chomhairleoir leighis, chinn Louise Smith as an Mhullach Bán i gContae Ard Mhacha feachtas a thoiseacht ar líne. Is í an sprioc atá aici cuidiú chun an trealamh cuí a chur ar fáil d'oibrithe sláinte, chan amháin sna hospidéil ach dóibh siúd atá ag obair sa phobal chomh maith.

5. Fás faoi na gairdíní pobail

Tá níos mó suime á cur i ngairdíní pobail faoi láthair, agus thug Meon Eile cuairt ar an cheann atá ag an ghrúpa 'The Three Sisters' ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste.

 

 

Close
Close