Ionad na Fuiseoige - ag tacú leis an phobal in aimsir dhianghlasála

Nuair a b'éigean d'Ionad na Fuiseoige i mBéal Feirste a dhoirse a dhruidim de thairbhe na dianghlasála, chinn siad nach gcuirfeadh sin isteach ar an obair a dhéanann siad i measc an phobail.

Osclaíodh foirgneamh nua in 2019 agus bhí níos mó ná 100 páiste ag teacht isteach chucu gach lá roimh an phaindéim mar sin chuaigh an fhoireann amach chuig tithe an cheantair le bearta bia agus pacáistí cúraim do mhuintir na háite. Chuir siad ranganna agus cúrsaí ar líne ar bun sa dóigh is go mbeadh idir pháistí agus daoine fásta in ann leanúint ar aghaidh le ceachtanna sa bhaile.

Bíonn réimse mór seirbhísí agus ranganna ar fáil ag an ionad, ina measc sin tá naíscoil, cúram lae, cumann iarscoile, club óige, cumann drámaíochta agus scéalaíochta, ranganna Gaeilge, ranganna aclaíochta, ranganna ceoil, ranganna ealaíne agus ceardaíochta, cúrsa fuála agus clár stairiúil, gan ach beagán a lua.

Labhair muid le ceathrar ball foirne de chuid Ionad na Fuiseoga: an cúntóir an chumainn iarscoile agus oibrí sa chlub óige Seán McNally, an t-oibrí forbartha Odhrán De Rúiséil agus beirt ceannairí naíscoile, Frances Ramsey agus Seana McCabe. Rinne siad cur síos ar an obair iontach a bhí siad a dhéanamh le bliain anuas agus ar na dóigheanna ar chuidigh seirbhísí an ionaid leis an phobal i gceantar Colláin.

Tá níos mó eolais ar fáil faoi Ionad na Fuiseoige agus na seirbhísí s’acu anseo, agus is féidir dul anseo leis na ceachtanna saor in aisce a fheiceáil.

Close
Close