Tháinig na Gaeil le chéile ar champas Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste an tseachtain seo le Féile Mhic Artúir a sheoladh.
Is é Cumann Gaelach na hollscoile a eagraíonn a fhéile trí lá atá ainmnithe i ndiaidh William Mhic Artúir, an fear a bhunaigh an Cumann i mí Eanáir 1906.
Bhailigh daoine le chéile ní hamháin leis an fhéile a ceiliúradh ach le feachtasaíocht a dhéanamh ar son na Gaeilge ar champas chomh maith.
Labhair Meon Eile le hEoghan Ó Conghaile, Oifigeach Feachtasaíochta an Chumainn Ghaelaigh, faoi na héilimh atá acu ar an Ollscoil, ina measc comharthaí dátheangacha i gceantar na hOllscoile mar aon le lógó dátheangach don institiúid.
D’inis Eibhlín Nic Cormaic, mac léinn PhD, dúinn faoin fhéile agus faoin obair feachtasaíochta atá siad a dhéanamh sa Chumann ar mhaithe le cothromas teanga a bhaint amach don Ghaeilge.
Téigh anseo le tuilleadh eolais a fháil.


