Ceol beo le cluinstin arís

Tháinig ceol beo ar ais arís chuig na tithe tábhairne agus áiteanna poiblí sa Tuaisceart an tseachtain seo caite agus labhair Meon Eile le ceoltóir amháin, Pádraig Ó Deoráin, a bhí iontach sásta filleadh ar an cheol i ndiaidh seal chomh fada gan é.

 Ón 5 Iúil ceadaíodh ceol beo taobh istigh de thithe tábhairne ag leibhéal fuaime comhthimpeallach agus le clár nó scáileán os comhair an cheoltóra. Níl aon srian ar an fhuaim ag ócáidí taobh amuigh.

Tá Pádraig ar bís le bheith ag bualadh ceoil arís ar fud Bhéal Feirste ach tá imní air go gcuirfear stop leis mar gheall ar an tréithchineál is déanaí den choróinvíreas, Delta.

Close
Close