Ceardlann 'Tools for Solidarity' i nGaelscoil na bhFál

Is carthanacht í Tools for Solidarity a ghlacann seanuirlisí agus innill fuála, a dheisíonn iad agus a chuireann iad ar aghaigh chuig tíortha san Afraic, ar nós na Tansáine agus an Maláive. 

Bunaíodh an charthanacht sna 80í i mBéal Feirste le tacú le cuid de na daoine is boichte ar domhan. Tá siad lonnaithe i ndeisceart na cathrach.

Chuaigh Meon Eile in éineacht leo go Gaelscoil na bhFál, áit a ndearna na baill forine ceardlann an-suimiúil leis na daltaí.

Labhair Róisín Sloan, duine de na hoibrithe deonacha le Tools for Solidarity, linn faoin obair a dhéanann an charthanacht agus an tábhacht a bhaineann le dul i ngleic le fadbanna sóisialta ar fud an domhain. Labhair triúr daltaí scoile ó rang 7 linn fosta faoin cheardlann agus faoi na hathruithe beaga atá siad ag iarraidh a dhéanamh ina saol pearsanta le tionchar dearfach a imirt ar an domhan thart orthu.

Más i mBéal Feirste atá tú agus má tá aon uirlísí nó innill fuála atá sean nó briste agat, is féidir dul i dteagmáil le Tools for Solidarity anseo agus is feidir leo iad a bhailiú, a chóiriú agus a chur ar aghaidh chuig daoine sa tríú domhan a bheidh in ann úsáid éifeachtúil a bhaint astu.

Close
Close