Bliain Amuigh - Tapaigh an deis!

Bliain Amuigh
Bliain Amuigh

Katie McGreal

Caitheann daoine 13 nó 14 bliain ar scoil sula mbaineann siad 18 mbliana d’aois amach.

Is é córas foirmiúil oideachais an t-aon mhodh saoil atá ar eolas acu nuair a dhéanann siad cinneadh faoina dtodhchaí ollscoile ach conas is féidir leo cinneadh ceart a dhéanamh nuair nach bhfuil taithí acu ar an saol iomlán?

Níl a fhios acu cad iad na suimeanna móra eile atá acu ná cén saghas eispéireas eile atá amuigh ansin sa saol mór.

Sílim féin gur ceart dúinn ar fad bliain, ar a laghad, a ghlacadh saor ón oideachas am éigin sula gcríochnaíonn an ollscoil.

Is cuma cén t-am a thógann tú an bhliain saor – idir críochnú sa mheánscoil agus tosú ar ollscoil, nó i lár na hollscoile, ach is ceart go ndéantar ag am éigin é más féidir.

Chríochnaigh mo dheirfiúr an Ardteist i mbliana agus níl sí cinnte faoi cad a déanfaidh sí anois.

Dúirt mé léi gur ceart go dtógann sí bliain saor – fiú bliain saor le hobair i siopa éigin sa bhaile.

Ní gá duit taisteal timpeall an domhain nó aon rud mór a dhéanamh, níl le déanamh ach sos a glacadh ón oideachas ar feadh tamaill.

Chuirfeadh sé iontas ort an difríocht a dhéanfadh sé.

Tá cara agam a chuaigh chun na hAfraice sular thosaigh sí ar ollscoil.

Sular imigh sí bhí áit aici le heolaíocht a dhéanamh i mBaile Átha Cliath.

Tháinig sí ar ais i ndiaidh bliana agus rinne sí staidéar ar an tSean-Ghaeilge agus Stair – chabhraigh an tréimshe a chaith sí ar shiúl ón gcóras oideachais léi a fíorspéis a aimsiú, agus b’amhlaidh an scéal domsa.

Chaith mé féin bliain ag múineadh an Bhéarla sa Chóiré Theas agus sula ndeachaigh mé bhí mé ag staidéar Gnó agus Gaeilge.

Le linn an chéad dhá bhliain, bhí níos mó suime agam sa ghnó ná sa Ghaeilge.

Bhíos ag iarraidh a bheith in ann an Ghaeilge a úsáid mar theanga laethúil ach, seachas sin, ní raibh mórán suime agam sna hábhair Ghaeilge.

Ach nuair a tháinig mé ar ais bhí mé iomlán dírithe ar an teanga, in ionad an ghnó.

Bhí suim agam sna léachtaí léitheoireachta agus gramadaí agus anois, tá mé ag obair go lán-aimseartha i saol na Gaeilge le dhá bhliain anuas agus tá siúl agam leanacht leis sin ar feadh i bhfad eile.

D’fhéadfaí a rá nach mbeinn san áit ina bhfuil mé anois, go fisiciúil agus go meafarach, muna raibh an bhliain sin agam san Áis.

Ach nuair a chuaigh mé chun mo thuismitheoirí leis an smaoineamh, ní raibh siad sásta ar chor ar bith agus dúirt léachtóir liom, ‘An dtiocfaidh tú ar ais chugainn?’

Anois, tuigim, má bheartaigh mé gan dul ar ais – bhuel sin sin, sin an cinneadh a rinne mé i ndiaidh machnamh ceart a dhéanamh ar an ábhar.

Ní bheadh céim ollscoile agam, rud a deirtear go bhfuil rí-thábhachtach na laethanta seo, ach bheinn imithe i mbealach éigin eile, ag déanamh rud éigin eile.

Ní deireadh an domhain a bheadh ann ar ndóigh agus d’fhéadfainn dul ar ais chun céim éigin eile a dhéanamh ag am éigin eile.

Tá a fhios agam nach n-aontóidh neart daoine liom ach mholfainn go hard bliain a ghlacadh saor ón oideachas sula dtosaíonn tú ar oideachas de chineál éigin eile.

Bíonn an oiread sin brú ar dhaltaí scoile agus ar mhic léinn smaoineamh faoin ‘todhchaí’ agus tá a fhios agam féin nach raibh mé in ann smaoineamh mar is ceart faoi rud ar bith, agus cabhraigh an bhliain saor sin go mór orm.

Close
Close