Athinsint chomhaimseartha ar ghaiscí Chúchulainn

Tá scéalta agus eachtraí Chúchulainn, laoch mór na rúraíochta, ar fáil don phobal ina iomláine sa leabhar nua ‘Laoch na Laochra’ atá scríofa ag Réamonn Ó Ciaráin agus ealaín curtha leis ag Dara Vallely.

Trí bliana oibre a thug sé ar Réamonnn agus Dara an saothar cuimsitheach seo a chur i dtoll a chéile. Is é an chéad leabhar é a insíonn scéal Cúchulainn ó thús deireadh i nGaeilge reatha Uladh.

“Tá níos mó ná ceithre scór scéal sa rúraíocht agus tá siad anois ar fáil le chéile. Spreag sé réabhlóidithe, scríbhneoirí agus ealaíontóirí. Is laoch é atá an-lárnach i síceolaíocht ár dtíre,” arsa Réamonn Ó Ciaráin.

Sheol an tOllamh Ollscoile Séamus Mac Mathúna an leabhar in Eamhain Mhacha oíche Déardaoin.

Ag caint le linn an tseolta, dúirt an tOllamh Mac Mathúna nárbh eol dó “leabhar ar bith eile ar an scéalaíocht Ultach atá chomh hiomlán ná chomh spreagúil foirfe.”

“Is leabhar é a bhfuil de mhianach ann geit, cliseadh agus coradh a bhaint as an léitheoir agus a dhul i bhfeidhm go domhain air, leabhar a cheanglaíonn muid le sean-phréamhacha dúchasacha an chine,” a dúirt an tOllamh.

Bhí Meon Eile i measc na cuideachta oíche an tseolta, labhair muid leis an údar, leis an ealaíontóir agus leis an lucht freastal faoin saothar nua agus tionchar ghaiscí Chúchulainn ar shaol na nGael…

Foilsíodh Laoch na Laochra le tacaíocht ó Ghael Linn agus Iontaobhas Ultach.

Laoch na Laochra
Close
Close