Torthaí GCSE agus A-Leibhéil i gColáiste Feirste

Lá mór i saol an scoláire é an lá a fhaightear torthaí scrúduithe meánscoile.

An tseachtain seo caite thug na daltaí A-Leibhéil ar fud an tuaiscirt cuairt ar a scoileanna chun a gcuid torthaí a bhailiú agus inné seal na ndaltaí GCSE a bhí ann. Is céim thábhachtach é seo do gach dalta agus iad ag déanamh cinntí faoi na blianta beaga atá le teacht - cé acu an bhfuil nó nach bhfuil siad ag dul ar aghaidh go dtí an ollscoil, nó roinnt scrúduithe a athdhéanamh nó bogadh ar aghaidh chuig printíseachtaí agus obair lánaimseartha.

Bhí am níos deacra ag na daltaí reatha mar gur chaith siad formhór dá dtréimhse staidéir ag obair ón bhaile le linn Covid.

Thug Meon Eile cuairt ar Choláiste Feirste ar an dá lá le léargas a fháil ar an sceitimíní a bhí ar na daltaí. Labhair muid leis an mhúinteoir Domhnall Ó Néill agus an leas-Phríomhoide Emer Mhic an Fhailí chomh maith leis na daltaí Eoghan, Bláithín, Luisne, Hannah, Lucy May agus Erin.

Comhghairdeas leis na daltaí ar fad a fuair na torthaí a raibh siad ag súil leo.

Close
Close