SPRAOI - Scéim Scoláireachtaí Gaeltachta Chonradh na Gaeilge

Sheol Conradh na Gaeilge agus Comhaltas Uladh scéim scoláireachtaí Gaeltachta darb ainm ‘Spraoi’ i mbliana. Tá an scéim seo dírithe ar dhaltaí meánscoile faoi 18 ó thuaidh chun iad a spreagadh le freastal ar choláistí Gaeltachta an samradh seo.

Cuireann an scéim seo béim ar mhíbhuntáistí agus díreofar na deontais ‘ar cheantair a bhfuil líon ard daoine faoi mhíbhuntáiste ina gcónaí iontu (atá aitheanta ag NISRA)’ dar le Conradh na Gaeilge. Cuirfidh Conradh na Gaeilge scoláireacht ar fáil ar luach £250 do na daltaí a n-éiríonn leo an scoláireacht a bhaint amach.

Thug Meon Eile cuairt ar oifig Conradh na Gaeilge ar Bhóthar na bhFál in Iarthar Bhéal Feirste chun plé a dhéanamh le Cuisle Nic Liam agus Pádraig Ó Tiarnaigh ó Chonradh na Gaeilge faoin scéim seo. Aithníonn Cuisle agus Pádraig an luach atá ar na coláistí samhraidh i bhforbairt na ndéagóirí mar iarscoláirí iad féin agus cé chomh deacair agus atá sé do theaghlaigh páistí a chur chucu mar gheall ar chúrsaí airgid. Mar sin, tá siad an-sásta a bheith in ann an tacaíocht seo a chur ar fáil.

 Is é an 12 Aibreán spriocdháta na scéime. Is féidir níos mó eolais a aimsiú anseo

Close
Close