Polaitíocht ollscoile: taithí na mac léinn féin

Beidh Aontas na Mac Léinn in Éirinn ag ceiliúradh 60 bliain ar an fhód i mbliana. In imeacht na mblianta, bhí baint láidir acu leis an iliomad léirsithe, feachtas agus gluaiseachtaí.

Is iomaí uair ar imir mic léinn tionchar mór ar cheisteanna ar champas agus sa tsochaí i gcoitinne.

Is eagraíocht dhaonlathach é Aontas na Mac Léinn le os cionn 370,000 ball. Tá socrú tríthaobach ag AMLÉ le hAontas Náisiúnta na Mac Léinn sa Bhreatain agus le NUS-USI, gluaiseacht na mac léinn ó thuaidh.

Labhair Meon Eile le ceathrar atá bainteach le polaitíocht ollscoile ar a mbealaí féin faoin taithí atá acu ar an chuid sin de shaol na mac léinn.

Close
Close