Naoise Mac Cathmhaoil: Taighdeoir úrnua ag Tionscadal Logainmneacha Uladh

Tá taighdeoir úrnua ag obair do Thionscadal Logainmneacha Uladh, tionscadal de chuid Ollscoil na Banríona, mar atá Naoise Mac Cathmhaoil as Tír Chonaill.

Thosaigh Naoise ag tús na míosa agus ó shin tá sé gnóthach i mbun cuid mhór léitheoireachta agus aistriúcháin. Tá sé ag díriú ar na sráidainmneacha thart ar cheantar Bhéal Feirste faoi láthair, ag obair go dlúth lena bhainisteoir, an tOllamh Mícheál Ó Mainnín, le teacht ar na haistriúcháin is cruinne agus is éifeachtaí ó Bhéarla go Gaeilge.

Tá cleachtadh maith ag Naoise ar Bhéal Feirste ón am a chaith sé ann i mbun céim sa Ghaeilge in Ollscoil na Banríona. Chomh maith le cúrsa fóchéime a bhaint amach, bhain sé céim mháistreachta san aistriúchán agus ateangaireacht amach ó Ollscoil Uladh. Tá sé níos speisialta arís do Naoise a bheith ar ais toisc go bhfuil a sheánléachtóirí aige mar chomhghleacaithe anois. Is iad sin Mícheál agus an Dr Frances Kane.

Ó 1987 ar aghaidh tá an Tionscadal lonnaithe in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, agus tá sé mar phríomhaidhm aige taighde a dhéanamh ar an stair agus ar an dúchas taobh thiar de na logainmneacha.

Tá dóchas ann don todhchaí agus duine óg ar nós Naoise ag dul i mbun na ceirde agus ag caomhnú na logainmneacha do na glúnta atá le teacht. Thug Meon Eile cuairt ar Naoise an tseachtain seo caite agus é i mbun oibre.

Is féidir cuairt a thabhairt ar shuíomh Northern Ireland Place-Name Project anseo nó iad a leanstan ar Twitter anseo.

Close
Close